An Reachtaíocht

Faigh amach sonraí na reachtaíochta a thacaíonn leis na hoibleagáidí maidir le Ródacmhainneacht agus Uaireanta Tiománaithe & Tacagraif.

Reachtaíocht um Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála

An tAcht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) 2012 (PDF)

Arna shíniú ag an Uachtarán ar an 30 Bealtaine 2012, bunaítear leis an Acht seo creat dlíthiúil nua le haghaidh ródacmhainneacht feithiclí tráchtála sa Stát. Cuimsítear san Acht forálacha maidir le:-

  • aistriú fheidhmeanna na n-údarás áitiúil maidir le tástáil ródacmhainneachta feithiclí tráchtála chuig an RSA.
  • na ceanglais atá le comhlíonadh ag duine le bheith údaraithe mar oibreoir nó mar thástálaí tástála um Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála
  • na hoibleagáidí ar úinéirí feithiclí tráchtála a áirithiú go gcoinneofar bail ródacmhainneach orthu agus go ndéanfar iniúchadh tréimhsiúil ar fheithiclí agus go gceartaítear lochtanna.

S.I. 107 de 2013 Na Rialacháin maidir le hOibreoirí Tástála agus Tástálaithe um Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála a Údarú 2013 (PDF)

Cuireadh tús leis na rialacháin sin ar an 27 Márta 2013 agus cuimsítear iontu forálacha a bhaineann le:-

  • Údarú Oibreoirí Tástála agus tástálaithe CVR lena n-áirítear táillí agus an próiseas iarratais.
  • Údaruithe a chur ar fionraí agus a chúlghairm
  • Cáilíochtaí agus riachtanais oiliúna.

S.I. Uimh. 414 de 2017​ Na Rialacháin (Leasú) maidir le hOibreoirí Tástála agus Tástálaithe um Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála a Údarú 2017 (PDF)​

Cuireadh tús leis na rialacháin sin ar an20 Bealtaine 2018 agus cuimsítear iontu forálacha a bhaineann leis an méid seo a leanas:-

  • ​​Cineál Feithicle CVR nua le haghaidh Tarracóirí Gasta a chur leis
  • nuashonruithe maidir le riachtanais cáilíochtaí tástálaithe
  • nuashonruithe ar choinníollacha údaraithe.

I.R. Uimh 347 de Rialacháin 2013 maidir le Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála (Tástáil Feithiclí)) Uimh. 2) 2013

Déantar foráil sna Rialacháin sin i leith:

  • tástáil a dhéanamh trí CoVIS ón 25 Meán Fómhair i leith
  • athruithe ar tháillí tástála ón 7 Deireadh Fómhair i leith.

Tugtar isteach leis na Rialacháin freisin roinnt athruithe ar riarachán tástála atá á n-éascú ag CoVIS – e.g. eisiúint lárnach an CRW, deireadh a chur leis an gceanglas maidir le Doiciméid Chláraithe Feithicle a chur i láthair ag an tástáil, léamha odaiméadair a phriontáil, aitheantas an láithreora agus mar sin de.

S.I. 117 de 2018 Na Rialacháin maidir le Tástáil Feithiclí Tráchtála (Leasú) (PDF).

Cuirtear tús leis na rialacháin sin ar an 20 Bealtaine 2018 agus cuimsítear iontu forálacha i leith

  • ​​Tarracóirí Gasta a thástáil
  • Toradh tástála Pas le Mion-easnaimh
  • minicíocht tástála Feithiclí Seanré
  • dátaí dlite tástála le aghaidh feithiclí Athchóirithe/allmhairithe
  • aithint deimhnithe ródacmhainneachta arna n-eisiúint ag ballstáit eile an Aontais Eorpaigh.

I.R. Uimh. 348 de 2013 - Na Rialacháin fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) (Deisiú agus Cothabháil Feithiclí), 2013

Leis na rialacháin sin cuirtear oibleagáidí ar úinéirí feithiclí tráchtála maidir leis na cúrsaí seo a leanas :-

  • cothabháil agus deisiú feithiclí tráchtála
  • cinntí maidir le minicíocht cothabhála
  • seiceálacha laethúla imshiúil
  • go ndéanfaidh daoine cuícháilithe na deisiúcháin
  • taifid a choinneáil
  • dearbhú bliantúil a thabhairt maidir le cothabháil feithiclí don Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (atá le cur i bhfeidhm i bhFómhar 2014).

Faoi na rialacháin, ceanglaítear ar úinéirí feithiclí tráchtála córas a chur i bhfeidhm chun cigireacht agus cothabháil rialta a dhéanamh ar fheithiclí agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras lena chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm. Agus cinntí á ndéanamh maidir le minicíocht cothabhála feithiclí, tabharfaidh úinéirí feithiclí aird ar roinnt tosca mar a shonraítear sna rialacháin lena n-áirítear aois, míleáiste, gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt agus bail na feithicle. Ní mór seiceálacha laethúla imshiúil a dhéanamh ar an bhfeithicil sula n-úsáidfear í ar bhóthar poiblí agus ní mór lochtanna a aimseofaí le linn na seiceála a thuairisciú d’úinéir na feithicle lena mbaineann. Tá úinéir na feithicle freagrach as a chinntiú go bhfuil an duine a bheidh i mbun na seiceála imshiúil laethúla oilte chun an tseiceáil imshiúil riachtanach a dhéanamh. Ní mór do dhuine a dhéanann deisiúcháin agus cothabháil feithicle a bheith cáilithe go cuí agus an oiliúint, an saineolas nó an taithí riachtanach a bheith aige nó aici chun gníomhaíochtaí dá leithéid a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil an fheithicil ródacmhainneach.

"I gcomhréir leis an Acht fán an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht feithiclí tráchtála) 2012, tá oifigigh údaraithe ceaptha ag an RSA chun comhlíonadh na rialachán sin a iniúchadh agus chun treoracha a eisiúint agus chun ionchúisimh a thionscnamh maidir le neamhchomhlíonadh. "

"Tá na cigireachtaí áitribh oibreoirí sin á ndéanamh ag Oifigigh Údaraithe an RSA agus A.A. Ireland, thar ceann an Údaráis. Is cuairteanna oideachasúla agus comhairleacha formhór na gcuairteanna tosaigh chun deis a thabhairt d’oibreoirí eolas a chur ar a gcuid oibleagáidí agus iad a chomhlíonadh. Déantar 250 go 300 cigireacht ar a laghad ar áitribh oibreoirí gach mí. "

Féadfar fíneáil suas le €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó an dá rud, a ghearradh ar dhuine a chiontófar i gcion faoi na rialacháin.

Reachtaíocht um Thacagraif.

Reachtaíocht um Uaireanta Tiománaithe

Reachtaíocht um Am Oibre

Reachtaíocht AE ina néileáltear le forálacha tacagraf agus uaireanta tiománaithe a fhorfheidhmiú

[Séanadh: Níl sé beartaithe gur liosta uileghabhálach é seo de na forálacha dlíthiúla ar fad a bhaineann leis na rialacha maidir le tiomáint agus am scíthe tiománaithe HGV/PSV, am oibre, tacagraif nó Ródacmhainneacht Feithicle Tráchtála]

Gearán/Tuairisc faoi Rún a Dhéanamh

Má tá buarthaí ar bith agat go bhféadfadh oibreoir nó tiománaí a bheith ag gníomhú go mídhleathach maidir le Ródacmhainneacht Feithicle, Uaireanta Tiománaithe, Tacagraif agus/nó Tarlú Neamhcheadúnaithe is féidir leat gearán faoi rún a chur isteach chuig an RSA. Faigh amach conas do ghearán a chur isteach ar ár leathanach gearán.

Foilsiú Ciontuithe

I gcúinsí ina gciontaítear duine nó oibreoir i gcion a bhaineann le hiompar de bhóthar, foilseofar sonraí an chiontaithe (lena n-áirítear ainm agus an pionós arna fhorchur) ar chuid na n-ionchúiseamh ar shuíomh gréasáin an RSA.


 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!