Dátaí Éaga CRW

​Ní eisítear deimhniú ródacmhainneachta (CRW) a bheidh bailí ar feadh 12 mhí ach nuair a dhéantar an fheithicil a thástáil in am !  
Cén fáth nach bhfuil mo CRW bailí ach ar feadh níos lú ná 12 mhí?

Tá do CRW bailí ar feadh níos lú ná 12 mhí mar go raibh do thástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVR) thar téarma agus cuirtear san áireamh inár gcóras chun CRWanna a chruthú an oibleagáid atá ort d’fheithicil tráchtála a thástáil gach bliain. Ní bhainfidh tú leas as moill a chur ar thástáil na feithicle.

Tá mé i ndiaidh an fheithicil seo a cheannach agus tá an CRW bailí ar feadh níos lú ná 12 mhí.

Tá an CRW bailí ar feadh níos lú ná 12 mhí toisc nach raibh CRW bailí leis bhfeithicil a cheannaigh tú tráth a tástála CVR. Ba cheart d’aon duine a cheannaíonn feithicil athláimhe a chinntiú go bhfuil CRW bailí léi nuair a cheannóidh siad í, nó beidh an fheithicil thar téarma a tástála agus gheobhaidh sé CRW a bheidh bailí ar feadh níos lú ná 12 mhí.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur cruthúnas é CRW gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní féidir measúnú a dhéanamh ach na míreanna tástála atá sofheicthe agus atá inrochtana ag an ionad tástála CVR. Níor cheart a cheapadh mar sin go barántas é CRW do d’fheithicil. 

Dá bhrí sin, má tá tú ag smaoineamh ar fheithicil athláimhe a cheannach, ba cheart do mheicneoir cáilithe é a sheiceáil go neamhspleách sula gceannóidh tú í nó seachas sin ceannaigh ceann ó dhéileálaí údaraithe ar féidir leis barántas a sholáthar. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí chun tuilleadh eolais a fháil.

Is féidir leat a fháil amach cá huair a bheidh an Tástáil CVR le déanamh ar d’fheithicil trí chliceáil ar an gcnaipe “Seiceáil mo CRW” thíos.

CVRT Check CRW final

D’allmhairigh mé an fheithicil seo agus tá deimhniú ródacmhainneachta reatha léi arna eisiúint ag Ballstát eile AE agus atá fós bailí. An bhfuil an teastas ródacmhainneachta Lasmuigh den Stát seo bailí in Éirinn?

Má tá deimhniú ródacmhainneachta bailí eisithe ag Ballstát eile de chuid AE le d’fheithicil, ón 20 Bealtaine 2018 i leith is féidir leat é a mhalartú ar dheimhniú aitheantais AE arna eisiúint in Éirinn. Ní mór duit an fhoirm iarratais ar aitheantas um dheimhniú ródacmhainneachta (PDF) a chomhlánú agus í a sheoladh chugainn. Nuair a bheidh an CRW eachtrach bailíochtaithe agus in ord, seolfaimid deimhniú aitheantais AE chugat ansin. Déanfar an dáta éaga a ailíniú ansin leis an dáta éaga ar an deimhniú ródacmhainneachta lasmuigh den stát. Tabhair cuairt ar ár leathanach um aitheantas frithpháirteach deimhnithe ródacmhainneachta AE chun tuilleadh eolais a fháil.

D’allmhairigh mé feithicil agus níl deimhniú ródacmhainneachta reatha lasmuigh den stát léi.

Ón 20 Bealtaine 2018, má dhéanann tú feithicil athláimhe a allmhairiú atá níos mó ná bliain d’aois, déanfar dáta dlite na tástála a ailíniú le dáta céadchláraithe na feithicle in Éirinn. Ríomhtar dáta éaga an CRW bunaithe ar an dáta sin seachas ar an dáta ar fuarthas pas sa tástáil.
Má dhéanann tú feithicil athláimhe a allmhairiú atá níos lú ná bliain d’aois, déanfar dáta dlite na tástála a ailíniú le dáta chéad chlárúcháin na feithicle sa tír thionscnaimh.

​Dáta an chéad chlárúcháin (sa tír thionscnaimh) ​​Dáta an chéad chlárúcháin in Éirinn ​​Dáta dlite na tástála ​​Dáta éaga CRW
10/05/2012 (tá an fheithicil os cionn bliain amháin d’aois) ​​ ​25/01/2018 ​25/01/2018 ​25/01/2019
​10/05/2017 (tá an fheithicil faoi bhun bliain amháin d’aois)  ​25/01/2018 ​10/05/2018 ​10/05/2019

Fuarthas m’fheithicil pas s tástáil, ach, táim chun CRW a fháil ar feadh cúpla lá nó seachtain, an gá dom m'fheithicil a thástáil arís anois i ndáiríre?

Is gá, ní mór duit d’fheithicil a thástáil arís. Fuair d’fheithicil CRW bailí ar feadh cúpla lá nó seachtain toisc go raibh do thástáil feithicle beagnach bliain thar téarma. Inár gcóras chun CRWanna a chruthú ríomhtar an dáta éaga CRW faoi threoir dháta dlite do thástála.

Faoin reachtaíocht reatha –  I.R. Uimh.347 de 2013 na Rialachán maidir le Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála (Tástáil Feithiclí) (Uimh.2) 2013 (PDF)  Ní eisítear CRWanna ar feadh tréimhse 12 mhí ach nuair a dhéanfar an fheithicil a thástáil in am.

Tá sé d’oibleagáid ort d’fheithicil a thástáil in am gach bliain. Faoi Alt 5 den  Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) 2012 (PDF) ,  is cion é feithicil tráchtála a úsáid ar bhóthar poiblí gan CRW bailí. Gearrfar fíneáil aicme ar chiontú achomair ar dhuine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo.
  
Níl aon eisceachtaí ann maidir le feithiclí nach raibh ar an mbóthar ar feadh seala, agus ní chinntear an ceanglas de réir na tréimhse a bhfuil nó a raibh an fheithicil in úsáid.

An féidir liom m’fheithicil a thástáil go luath?

Is féidir. Is féidir d’fheithicil a thástáil suas go dtí 1 mhí roimh ré gan dáta cothrom bliana na tástála a athrú.
 
Is féidir leat d’fheithicil a thástáil níos mó ná 1 mhí roimh ré.  Athróidh sé sin dáta dlite do thástála go dtí dáta 12 mhí i ndiaidh pas a fháil sa tástáil don fheithicil.  Thugamar isteach an tsaoráid sin chun deis a thabhairt do ghnólachtaí a ndáta dlite tástála a athrú go dtí tráth den bhliain atá níos oiriúnú dá riachtanais ghnó. 

D’athchóirigh m’fheithicil ó fheithicil paisinéirí M1 go feithicil earraí N1 agus d’éirigh léi sa tástáil feithiclí tráchtála ach ní bhfuair mé CRW bailí ar feadh 12 mhí.

Ón 20 Bealtaine 2018 i leith, i gcás ina ndéantar feithicil a athchóiriú, mar shampla ó fheithicil phaisinéirí M1 go feithicil earraí N1, beidh dáta dlite tástála na feithicle ag teacht le ‘dáta an athchóirithe’ arna thaifeadadh ag an oifig mótarchánach (MTO). ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe. Ríomhtar dáta éaga an CRW bunaithe ar an dáta sin seachas ar an dáta a ar bhfuarthas pas sa tástáil. Ní bhainfidh tú leas as moill a chur ar thástáil na feithicle athchóirithe.

Má tá deimhniú ródacmhainneachta CRW nó NCT bailí le d’fheithicil tráth an athchóirithe, meastar go mbeidh an deimhniú sin ar neamhní agus ní mór tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar an bhfheithicil díreach i ndiaidh an athchóirithe agus sula n-úsáidfear in áit phoiblí í.
 

​Dáta an athchóirithe  ​Dáta ar a bhfuarthas pas sa tástáil CVR  ​Dáta éaga CRW 
​01/06/2018 12/07/2018​ 01​/06/2019

Bhí feithicil seanré agam Cad iad na rialacha éaga CRW maidir le feithiclí seanré?

Ón 20 Bealtaine 2018 i leith, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le feithiclí seanré:

  • ​​Má cláraíodh d’fheithicil roimh an 1 Eanáir 1980 agus mura bhfuil d’fheithicil á húsáid agat chun críocha tráchtála, beidh sé díolmhaithe ó thástáil ródacmhainneachta a dhéanamh agus CRW bailí a bheith agat. 
  • Má tá d’fheithicil idir 30 agus 39 bliain d’aois (bunaithe ar dháta chéad chlárúcháin d’fheithicle) agus mura bhfuil d’fheithicil á húsáid agat chun críocha tráchtála, ní gá ach tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh uirthi gach dhá bhliain in ionad gach bliana. Chun leas a bhaint as an díolúine sin beidh ort dearbhú a shíniú ag d’ionad tástála CVR ag dearbhú nach bhfuil d’fheithicil á húsáid chun críocha tráchtála.

Nóta Tábhachtach: Má tá d’fheithicil á húsáid agat chun críocha tráchtála, mar shampla, mar fheithicil fruilithe do bhainiseacha, níl aon athrú ar mhinicíocht na tástála agus ní mór duit leanúint le d’fheithicil a thástáil gach bliain.

Léamha Odaiméadair

Taispeánann do CRW stair mhíleáiste d’fheithicle. Nuair a bheidh sé ar fáil, cuimseofar stair na míleáiste an léamh a rinneadh le linn na dtrí thástáil CVR is déanaí a rinneadh ar d’fheithicil. Toisc gur córas nua é seo, ní thaispeánfaidh sé ach míleáiste a taifeadadh le linn tástálacha a rinneadh ó Mheán Fómhair 2013 ar aghaidh.
 
I gcás go bhfuil léamh odaiméadair taifeadta níos luaithe níos airde ná léamh níos déanaí, d’fhéadfadh cúis dhlisteanach a bheith i gceist leis seo, mar shampla, luaismhéadar nua. Mar mhalairt air sin, d’fhéadfadh sé fianaise a thabhairt go ndearnadh ‘clogáil’ nó gur cuireadh as do mhíleáiste na feithicle roimhe seo, rud atá ina chion faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 2014. Tabhair cuairt ort ar an leathanach maidir le feithicil tráchtála úsáidte a cheannachchun ​ tuilleadh eolais a fháil.   

Fuair mé mo CRW ach tá an léamh odaiméadair a taifeadadh ar an deimhniú mícheart.

I gcás go bhfuil odaiméadair feistithe ní mór don tástálaí CVR an léamh odaiméadair a thaifeadadh ag am na tástála. Nuair a thugtar do thuairisc tástála nó do ráiteas pas duit duit, ba cheart duit a dheimhniú go bhfuil an léamh odaiméadair ceart, agus mura bhfuil, ba cheart duit é sin a insint don tástálaí láithreach. Mura seiceálann tú é sin an lá a thugtar toradh na tástála duit, ní féidir an léamh odaiméadair a leasú ina dhiaidh sin. Mar sin seiceáil, an ráiteas pas nó an tuairisc tástála sula bhfágfaidh tú an t-ionad tástála

Cad iad na rialacha maidir le dioscaí CRW a thaispeáint i bhfeithiclí tráchtála?

Áirítear le do CRW diosca inscortha a chaithfear a thaispeáint ar ghaothscáth d’fheithicle. I gcás leantóir earraí beidh ní mór an diosca CRW a thaispeáint chomh gar agus is féidir don phláta clárúcháin nó áit inar féidir é a iniúchadh go héasca.
 
Tá sé de dhualgas dlíthiúil ort diosca CRW a thaispeáint go soiléir ar d’fheithicil.  Beidh an RSA agus an Garda Síochána ag seiceáil taispeáint dioscaí CRW mar chuid d’fhorfheidhmiú cois bóthair  agus imscrúduithe ar áitribh oibreoirí.

​​

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!