Trealamh Tacagraif

Tá trealamh taifeadta tacagraif le haghaidh feithiclí éigeantach san Aontas Eorpach.  Taifeadann tacagraif príomhfaisnéis maidir le tiománaithe agus feithiclí, chomh maith le taifid a chruthú lena ndéantar monatóireacht ar chomhlíonadh na rialacha maidir le ham tiomána ag tiománaithe.

Faoi dhlí AE agus náisiúnta, caithfear feistí taifeadta ar a dtugtar tacagraif a bheith i dtrucailí os cionn 3.5 tona agus i mbusanna a bhfuil níos mó ná 9 suíochán iontu. Is é an fheidhm atá leo amanna tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe tiománaithe aonair a thaifeadadh. Logálann sé luas feithicle, an fad a taistealaíodh agus faisnéis eile chomh maith.

Caithfidh na taifid a bheith ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigigh fhorfheidhmithe.

Tá roinnt aicmí feithicle díolmhaithe ó rialacha AE maidir le tacagraif agus amanna tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe. Ba cheart do thiománaithe atá díolmhaithe taifead a choinneáil ar a ngníomhaíocht oibre laethúil iomlán fós.

Tacagraif dhigiteach

Bhí tacagraif dhigiteacha éigeantach do thrucailí agus busanna tráchtála nua i mBealtaine 2006. 

Tá soláthar cártaí tiománaí lena n-úsáid ag tiománaithe, cuideachtaí, ceardlanna calabraithe agus oifigigh fhorfheidhmithe lárnach do thacagraif dhigiteacha.

Stóráiltear sonraí i gcuimhne aonaid feithicle agus ar chártaí cliste tiománaithe. Cuimsítear réimse faisnéise sna sonraí lena n-áirítear an t-achar a clúdaíodh, luas na feithicle (do 24 uair an chloig de thiomáint roimhe sin), uimhir cheadúnais na feithicle, agus gníomhaíocht an tiománaí (tiomáint, scíth, sosanna, obair eile, tréimhsí infhaighteachta). 

Is féidir le cárta tiománaí faisnéis a stóráil ar feadh 28 lá ar a mhéid sula dtosóidh sé á forscríobh; tá cumas cuimhne níos mó ag an aonad feithicle agus is féidir sonraí a stóráil ar feadh 365 lá.

Tacagraif analógacha 

Taifeadann an tacagraf analógach d'fhaisnéis tiomána trí thrí stílis a ghearrann rianta i gcairt chiorclach, cairt chéirbhrataithe, nó ina thacagraf. Feidhmíonn na marcanna sin mar thaifead ar do luas, an fad a thaistil tú agus do ghníomhaíocht oibre.
 
Tá réimsí ar an gcairt tacagraif analógaigh freisin le haghaidh iontrálacha láimhe, gníomhaíochtaí tomhais amhail do thréimhse oibre laethúil, tréimhsí sosa agus obair a dhéantar lasmuigh den fheithicil.

Aonad Feithicle (VU)

Nuair a ghlacann tiománaí ceannais ar fheithicil earraí nó paisinéirí, ní mór dó an cárta tiománaí a chur isteach san aonad tacagraif dhigitigh. I gcás ina bhfuil dhá dhuine ar foireann na feithicle, ní mór don tiománaí agus don chomhthiománaí cárta a úsáid.

Ar nós tacagraf analógach, déanfaidh tacagraf digiteach gníomhaíochtaí tiománaí amhail tiomáint, obair eile, sosanna agus scíth a thaifeadadh. Tosaíonn tacagraif dhigiteacha ag taifeadadh go huathoibríoch nuair a bhogann an fheithicil.

Ní mór do thiománaithe an lascmhód (saoráid ionchuir láimhe) ar an tacagraf a úsáid chun gníomhaíochtaí eile a thaifeadadh lena n-áirítear sosanna, scíth agus tréimhsí eile infhaighteachta. Ní stóráiltear na taifid ach ar an gcárta tiománaí.  Ní gá do thiománaithe gníomhaíochtaí a thaifeadtar ar chairteacha analógacha a chur isteach de láimh ar a gcártaí tiománaí.

Sonraí a íoslódáil

Ní mór d’oibreoir iompair sonraí a íoslódáil ón gcárta gach 21 lá agus ón Aonad Feithicle gach 3 mhí. Ba cheart na sonraí a choinneáil lena n-iniúchadh ag oifigigh fhorfheidhmithe ar feadh bliana ar a laghad ó dháta na híoslódála.

Chun sonraí a íoslódáil ón aonad feithicle agus ón gcárta tiománaí, beidh gléas íoslódála agus cárta cuideachta ag teastáil ón oibreoir.

Tiománaithe gníomhaireachta

Tá oibreoirí freagrach as a chinntiú go dtabharfaidh tiománaithe a gcairteacha ar ais, má tá tiománaithe gníomhaireachta á bhfostú acu.  Ba cheart dóibh sonraí a íoslódáil ó chártaí tacagraif na dtiománaithe agus na sonraí sin a choinneáil lena n-iniúchadh

Oiliúint ar Thacagraif Dhigiteacha

Chun eolas faoi oiliúint ar thacagraif dhigiteach a fháil déan teagmháil le: Institiúid Chairte Lóistíochta agus Iompair na hÉireann, Teil: 01 676-3188 www.cilt.ie​

Ionchúisimh an RSA

Tá an RSA freagrach as reachtaíocht iompair AE agus náisiúnta a fhorfheidhmiú le maidir le tacagraif, rialacha AE maidir le huaireanta tiománaithe, gnéithe den treoir ama oibre um iompar de bhóthar maidir le ceadúnú oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí paisinéirí chun dul i mbun oibríochtaí ar fruiliú agus luach saothair agus  CPC​ tiománaithe​​. Ó 2009 i leith, thionscain an RSA ionchúisimh i gcoinne tiománaithe agus oibreoirí maidir le sáruithe ar an reachtaíocht sin agus is féidir sonraí fúthu sin a fháil ar an gcuid ‘ionchúisimh’​​  ar shuíomh gréasáin an RSA. 

Déan Gearán/Tuairisc faoi Rún

Má tá buarthaí ar bith agat go bhféadfadh oibreoir nó tiománaí a bheith ag gníomhú go mídhleathach maidir le Ródacmhainneacht Feithicle, Uaireanta Tiománaithe, Tacagraif agus/nó Tarlú Neamhcheadúnaithe is féidir leat gearán faoi rún a chur isteach chuig an RSA.  Faigh amach conas do ghearán a chur isteach ar ár leathanach gearán.​​ ​​

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!