Do CRW agus léamha Odaiméadair

Ón 11 Bealtaine 2016 i leith, déantar léamh odaiméadair reatha d’fheithicle agus suas le dhá léamh roimhe sin a phriontáil ar do dheimhniú ródacmhainneachta (CRW).
 
Tugadh an t-athrú sin isteach lena chinntiú go mbeidh léamha odaiméadair stairiúla ar fáil go héasca do cheannaitheoirí ionchasacha agus chun cuidiú le calaois odaiméadair a dhíspreagadh. Ina theannta sin, is féidir le léamha odaiméadair a bheith ina dtáscaire maidir le folláine choibhneasta feithicle, toisc go soiléirítear leo an t-achar iarbhír a thaistil an fheithicil thar a saolré.

Ba é an ‘dáta tosaigh’ chun na léamha stairiúla sin a thaifeadadh an 19 Lúnasa 2014, mar sin ba cheart go mbeadh suas le dhá dháta tástála roimhe sin agus na léamha odaiméadair comhfhreagracha ar taispeáint ar aon fheithicil ar éirigh léi i dtástáil CVR tosaigh nó i dtástáil CVR thréimhsiúil i ndiaidh an dáta sin, ón 11 Bealtaine 2016 i leith.

Cá háit a bhfeicfimid mé na léamha odaiméadair stairiúla?

Ó tugadh isteach an tástáil CVR, déantar an léamh odaiméadair reatha a thaifeadtar ag gach tástáil CVR bhliantúil a phriontáil ar an diosca CRW atá ar taispeáint ar ghaothscáth na feithicle. Leanfar leis an gcás sin. Más mian leat na léamha odaiméadair stairiúla a fheiceáil, beidh siad ar fáil ar an deimhniú CRW a gheobhaidh tú leis an diosca CRW. Féach ar an sampla thíos le do thoil.

Cheannaigh mé an fheithicil seo le déanaí agus tá an léamh odaiméadair roimhe seo níos airde ná an léamh reatha odaiméadair?

D’fhéadfadh cúiseanna dlisteanacha a bheith ann go bhfuil léamh níos luaithe níos airde ná an léamh is déanaí, mar shampla má tá an luasmhéadar nua. Molaimid go n-iarrfadh ceannaitheoirí ionchasacha feithiclí athláimhe cóip den deimhniú CRW ón díoltóir chun léamh an odaiméadair roimhe seo a sheiceáil. Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis na léamha odaiméadair stairiúla ar an deimhniú, ba chóir iad sin a phlé le díoltóir na feithicle. Faigh tuilleadh eolais faoi fheithicil úsáidte a cheannach.​

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, cé gur cheart go bhfeidhmeodh an beart nua seo mar chosc ar chalaois odaiméadair, nílimid freagrach as póilíneacht a dhéanamh ar gníomhaíocht dá leithéid. 

Táthar i ndiaidh tástáil a dhéanamh ar an bhfeithicil seo agus tá an léamh odaiméadair ar mo CRW mícheart.

Nuair a bheidh an tástáil CVR críochnaithe,mar úinéir na feithicle is ortsa atá an fhreagracht as a sheiceáil leis an ionad tástála CVR go bhfuil an léamh odaiméadair atá ar taispeáint ar an tuairisc tástála/ráiteas pas ceart. Mura bhfuil, ba cheart duit é sin a chur in iúl láithreach don tástálaí CVR.

Ní mór duit léamh an odaiméadair a sheiceáil sula bhfágfaidh d’fheithicil an t-ionad tástála CVR, toisc nach féidir linn aon neamhréiteach a cheartú tnuair a fhágfaidh d’fheithicil an t-ionad tástála. 

Má tá aon cheisteanna nó gearáin agat faoi léamha odaiméadair míchearta i ndiaidh duit an t-ionad tástála CVR a fhágáil nó nuair a fhaigheann tú do CRW, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an  ionad tástála CVR a rinne tástáil ar d’fheithicil. ​

Leantóirí

Léireoidh leantóirí luach N/A ar a CRW toisc nach bhfuil léamh odaiméadair ar fáil do leantóirí.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!