Seiceálacha laethúla imshiúil

Mar úinéir nó úsáideoir feithicle tráchtála, ceanglaítear ort córais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun cigireacht agus cothabháil rialta a dhéanamh ar fheithiclí; tá dhá chineál cigireachta nach mór a dhéanamh : 

  • Seiceáil réamhbheartaithe um chothabháil choisctheach
  • Seiceálacha laethúla Imshiúil

Gheobhaidh tú eolas anseo faoi sheiceálacha laethúla imshiúil lena n-áirítear bileoga samplacha ar féidir iad a chur in oiriúint de réir mar is cuí d'úsáid na n-oibreoirí féin.

Cad atá i gceist le seiceálacha laethúla imshiúil?

Bealach simplí éifeachtach is ea seiceálacha laethúla “Imshiúil” sula dtiomáintear an fheithicil chun fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a aimsiú sula n-úsáidtear feithiclí. Féadfaidh aon duine atá oilte chun na seiceálacha sin a dhéanamh (lena n-áirítear: tiománaithe nó meicneoirí) na seiceálacha imshiúil sin a dhéanamh.
 
Is féidir fadhbanna ródacmhainneachta a shainaithint freisin le linn tiomána, agus mar sin ba cheart duit aiseolas ó thiománaithe a iarraidh mar fhoinse eolais faoi bhail na feithicle.

Mar úinéir, úsáideoir nó tiománaí feithicle tráchtála ní mór duit a chinntiú go ndéanfar cigireachtaí imshiúil feithicle sula n-úsáidfear an fheithicil ar bhóthar poiblí.

Oibleagáidí i ndáil le lochtanna a thaifeadadh

Le go mbeidh an tseiceáil laethúil imshiúil éifeachtach,  ní mór córas chun lochtanna feithicle a thuairisciú agus a thaifeadadha bheith i bhfeidhm agat. Is dea-chleachtas é leabhar seiceála agus foirmeacha lochtanna a thabhairt do thiománaithe inar féidir leo gach seiceáil chríochnaithe agus aon lochtanna a thaifeadadh, mar atá sna samplaí seo a leanas.

 Bileog maidir le seiceálacha imshiúil agus tuairisc lochtanna HCV (PDF) 
 Bileog maidir le seiceálacha imshiúil agus tuairisc lochtanna PSV (PDF)
 Bileog maidir le seiceálacha imshiúil agus tuairisc lochtanna LCV (PDF)

 Nuair a bhraitear locht le linn cigireachta, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh:

  1. Cur síos ar an locht
  2. An t-am agus an dáta ar aimsíodh an locht; agus
  3. Aon bheart sealadach a glacadh chun éifeacht an lochta a mhaolú

Brath lochtanna ag tiománaithe agus iad “ar an mbóthar”

Más dóigh go gcuirfear an fheithicil nó úsáideoirí eile bóithre i gcontúirt mar gheall ar locht ar fheithicil, agus í ag gluaiseacht, ba cheart don tiománaí scor den fheithicil a thiomáint chomh luath agus is féidir ag áit shábháilte agus gan an fheithicil a thiomáint go dtí go ndéanfar an locht a iniúchadh agus, más gá, go dtí go ndéanfaidh duine éigin cuícháilithe í a dheisiú..
 
Ba cheart go mbeadh a fhios ag úinéirí feithiclí go bhféadfaí iad a ionchúiseamh má bhrath siad go feasach, nó i gcás go d’fhéadfaidís a bhrath, trí ghnáthchúram a fheidhmiú, gur iad ba chúis le tiománaí, nó gur cheadaigh siad do thiománaí, feithicil lochtach a thiomáint go dtí:
 
     a)    I gcás inar gá deisiú nó beart ceartaitheach a dhéanamh, go ndéanfaidh  duine cuícháilithe, an locht a dheisiú, nó
     b)    I ndiaidh cigireacht a dhéanamh ar locht líomhnaithe, deimhníonn duine cuícháilithe i scríbhinn go bhfuil gá le deisiúchán nó gníomh ceartaitheach eile.

 Lochtanna ar fheithiclí a dheisiú

Ní mór fiosrú a dhéanamh ar gach locht a thuairiscítear agus a chinntiú go ndéanfar beart cuí sula n-úsáidfear an fheithicil ar bhóthar poiblí. Ní mór an bearta ceartaitheach a dhéantar a thaifeadadh agus a chuimsiú i dtaifead cothabhála na feithicle.

Is dea-chleachtas molta an RSA é go gcuirfí leabhar nó réiteach leictreonach ar fáil do gach tiománaí ina bhfuil na míreanna atá le seiceáil le linn na seiceála imshiúil. Ba cheart aird an duine atá freagrach as cothabháil na feithicle a tharraingt ar lochtanna a thaifeadtar.

Duine Cuícháilithe

Is éard is “Duine Cuícháilithe” ann ná duine ainmnithe a bhfuil freagracht air/uirthi as cigireacht agus cothabháil a dhéanamh ar d’fheithiclí agus as aon deisiúcháin a theastaíonn chun lochtanna ar do chuid feithiclí nó leantóirí a cheartú.

Meicneoir nó duine coibhéiseach a bheidh i do Dhuine Cuícháilithe de ghnáth a bhfuil an taithí agus/nó na cáilíochtaí ábhartha aige nó aici lena chur ar a gcumas ródacmhainneacht feithicle a mheas agus aon deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh.


 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!