Cárta Tacagraif Tiománaí & Cuideachta

Is cárta plaisteach de mhéid cárta creidmheasa é cártaí tacagraif ina bhfuil micrishlis. Tá cineálacha éagsúla cártaí tacagraif ann – ag brath ar an obair a dhéanann tú i ngnó tarlaithe de bhóthar b’fhéidir go mbeadh cineál difriúil cárta de dhíth ort.

Cárta tiománaí tacagraif

Éilítear cártaí tiománaithe tacagraif de réir an dlí do thiománaithe busanna agus trucailí. 

Déan iarratas ar chárta tiománaí tacagraif​

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an RSA chun iarratas a dhéanamh anois ar chárta tiománaí tacagraifcoinnigh​​ ort ag léamh chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcárta tiománaí tacagraif dhigitigh.

Maidir leis an gcárta tiománaí tacagraif

Is ionann an cárta pearsanta tiománaí tacagraif agus cárta plaisteach de mhéid cárta creidmheasa ina bhfuil micrishlis. Is féidir na sonraí ábhartha tiománaithe go léir a theastaíonn do rialacháin AE um Uaireanta Tiománaithe a stóráil ar an gcárta lena n-áirítear amanna sosa agus scíthe.

Sonraí tábhachtacha

Do chárta tiománaí:

  • Tá sé uathúil don tiománaí aonair agus tá sé bailí ar feadh cúig bliana,
  • Is féidir faisnéis a stóráil air ar feadh 28 lá,
  • Ní féidir ach lena úinéir é a úsáid i.e. an tiománaí atá údaraithe chun é a úsáid,
  • Féadfaidh oifigeach forfheidhmithe é a chur ar fionraí nó a aistarraingt má rinneadh an cárta a fhalsú, mura sealbhóir dlíthiúil an chárta é an duine a bhfuil an cárta á úsáid aige nó aicí, nó más trí dhearbhú bréagach nó trí dhoiciméid bhrionnaithe a fuarthas an cárta,
  • Ní mór é a chur ar fáil d’oifigigh fhorfheidhmithe ar iarratas.

Conas do chárta tiománaí tacagraif a úsáid

Sula dtosófar turas e.g. agus tú ag luchtú/díluchtú nó ag tiomáint) ní mór duit do chárta tiománaí a chur isteach sa sliotán cuí san aonad tacagraif.

I gcás ina bhfuil dhá dhuine ar foireann na feithicle, úsáidtear sliotán tiománaí agus comhthiománaí.

Ar nós tacagraf analógach, déanfaidh tacagraf digiteach do ghníomhaíochtaí amhail tiomáint, obair eile, sosanna agus scíth a thaifeadadh.

Nuair a bheidh sonraí á gcur isteach de láimh agat ar an tacagraf, cuirfear ceist ort (trí roghchlár na n-aonad) ar thiomáin tú aon fheithicil eile an lá sin agus ní mór duit a roghnú cé acu ar mhodh digiteach nó ar mhodh taifeadta analógach a bhí sé.

Má tá tú ag tiomáint feithicle ina bhfuil tacagraf analógach ba chóir go mbeadh cairt agat chun do ghníomhaíochtaí a thaifeadadh.

Sonraí a íoslódáil

Data must be downloaded from the driver card every 21 days. A transport undertaking shall ensure that the data from their drivers’  tachograph card is downloaded every 21 days. A self employed driver must download the data from their tachograph card every 21 days. The data must be retained for inspection by enforcement officers for a period of at least 12 months.

Agency drivers

In you work for more than one company, you need to download data every 21 days from the driver card and retain it for inspection.​

Tachograph Company card

Más leat cuideachta paisinéirí nó tarlaithe cuirtear ar do chumas le cárta tacagraif cuideachta sonraí digiteacha a íoslódáil ó d’aonaid feithicle.

Déan iarratas ar chárta cuideachta tacagraif

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an RSA chun Iarratas a dhéanamh anois ar chárta cuideachta tacagraif​ nó coinnigh ort ag léamh chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcárta cuideachta.

Maidir leis an gcárta cuideachta tacagraif dhigitigh

Le cárta cuideachta is féidir leat rochtain a fháil ar na sonraí atá stóráilte sa tacagraf digiteach. Beidh ort freisin chun do shonraí san aonad feithicle (VU) a chosaint má ligeann tú feithicil ar cíos nó má dhíolann tú feithicil.

Leis an gcárta cuideachta is féidir leat sonraí a íoslódáil chun cloí le ceanglais dhlíthiúla maidir le stóráil sonraí.

Ní stórálann cárta cuideachta aon sonraí mar sin - is é an fheidhm atá leis go díreach a chinntiú go n-aithníonn an t-aonad feithicle tacagraif dhigitigh an t-oibreoir sula gceadaítear sonraí a íoslódáil.

Sonraí a íoslódáil

Chun sonraí a íoslódáil ón aonad feithicle (VU) beidh gléas íoslódála (mearóg cuimhne is féidir leat a chur isteach san VU) agus cárta cuideachta de dhíth ort (chun na sonraí a dhíghlasáil).

A company card cannot be used for driving

Sonraí a ghlasáil isteach

Ba cheart an cárta cuideachta a úsáid chun sonraí a ghlasáil isteach sula dtosóidh tú ag úsáid na feithicle chun sonraí a thaifeadfar ina dhiaidh sin ar do thacagraf feithicle a chosaint.

Ní féidir sonraí a chosaint go cúlghabhálach agus beidh aon sonraí gan chosaint ar fáil do chách lena n-íoslódáil.

Má úsáidtear cárta cuideachta mar is ceart cuirfear cosc ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí agus cinnteoidh tú go gcloífidh tú leis an dlí um Chosaint Sonraí. Cinnteofar leis freisin nach bhfaighidh iomaitheoirí rochtain ar do shonraísa tacagraf.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!