Cigireachtaí ar an áitreabh

Déanaimid cigireachtaí ar áitribh úinéirí, oibreoirí agus úsáideoirí feithiclí tráchtála. Faigh tuilleadh eolais faoina dtarlaíonn ag cigireacht ar an áitreabh. 

Cineálacha Cigireachtaí ar an Áitreabh

Déantar dhá chineál cigireachta ann a dhéanamh ag áitreabh oibreora.

Cigireacht a dhéanann Oifigeach Iompair

Baineann oifigigh iompair le ceanglais maidir le huaireanta tiománaithe agus tacagraif agus ceadúnú. 

 I gCigireacht a dhéanann Oifigeach Iompair déanfar athbhreithniú ar chomhlíonadh rialacha AE maidir le tacagraif agus uaireanta tiománaithe agus na Treorach Ama Oibre d’Oibrithe Soghluaiste chomh maith le socruithe atá curtha i bhfeidhm agat chun bainistíocht agus monatóireacht a dhéanamh ar do chomhlíonadh féin agus ar chomhlíonadh do thiománaithe maidir le:

  • Uaireanta tiomána
  • Sosanna
  • Tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla
  • Coinneáil bileog taifid, sonraí agus asphriontaí
  • Íoslódáil aonad feithicle agus cárta tiománaithe
  • Feidhmiú ceart an trealaimh taifeadta
  • Taifid maidir le hamanna oibre oibrithe soghluaiste a choinneáil

Cigireachtaí feithiclí agus teicniúla

Baineann Cigirí Feithiclí agus Teicniúla le do chóras cigireachta, deisiúcháin agus cothabhála feithicle.
 
Sa chigireacht déanfar athbhreithniú ar chomhlíonadh na rialachán cothabhála agus deisiúcháin feithicle (PDF) agus na socruithe atá i bhfeidhm agat. Sa chigireacht go sonrach déanfar athbhreithniú ar do: 

Má bhíonn feithicil/feithiclí ag an áitreabh le linn na cigireachta, féadfaidh an Cigire seiceáil a dhéanamh ar an bhfeithicil/feithiclí lena mbail ródacmhainneachta ag an am a athbhreithniú. Sa chás go bhfaightear go bhfuil locht contúireacht ar an bhfithicil/feithiclí sin marcálfar iad mar “as an mbóthar, contúirteach”.

Coinní le haghaidh cigireacht ar an áitreabh

Go hiondúil gheobhaidh tú glao gutháin/litir ó Oifigeach Iompair nó ó Chigire Feithiclí/Teicniúil chun coinne le haghaidh cigireacht ar an áitreabh a dhéanamh – is féidir leat dáta cigireachta a oireann duit a eagrú de ghnáth, laistigh de theorainneacha áirithe ama trí theagmháil a dhéanamh leis an oifigeach / cigire a eagróidh an coinne. Tá an chumhacht ag ár n-oifigigh agus ár gcigirí, áfach, cuairt gan fógra’ a dhéanamh ar áitreabh oibreora gan fógra a thabhairt.

Ullmhaigh do chigireacht ar an áitreabh

Cigireacht a dhéanann Oifigeach Iompair

Ba chóir duit ullmhú don chigireacht agus a chinntiú go bhfuil na doiciméid a liostaítear thíos ar fáil san fhormáid riachtanach.  Cuirfidh sé sin go mór le críochnú tapa na cigireachta.  Ba chóir go mbeadh duine/daoine ar fáil agat chun cuidiú leat, chun ceisteanna a shoiléiriú agus chun aon cheist a fhreagairt a thiocfadh chun cinn le linn na cigireachta. Ba chóir go mbeadh spás agat ionas gur féidir leis an oifigeach do thaifid a athbhreithniú agus an chigireacht a dhéanamh.

 Doiciméid ba cheart bheith réidh agat

  • Liosta de thiománaithe ar a mbeidh dátaí breithe nó cóip den cheadúnas tiomána do gach tiománaí atá fostaithe agat ar feadh tréimhse ar bith le 12 mhí anuas lena n-áirítear cóipeanna P45 ar bith a eisíodh maidir le tiománaithe;
  • Uimhreacha cláraithe na bhfeithiclí atá á n-oibriú agat le 12 mhí anuas;
  • Deimhnithe úinéireachta do gach feithicil;
  • Deimhnithe calabraithe tacagraif do gach feithicil;
  • Taifid tacagraif do gach tiománaí atá fostaithe agat, lena n-áirítear aon tiománaithe gníomhaireachta le 12 mhí anuas. Caithfidh na taifid sin a bheith in ord croineolaíoch (dáta) do gach tiománaí. 
  • Ba chóir go mbeadh taifid láimhe agus faisnéis ar shaoire bhliantúil/saoire bhreoiteachta do thiománaithe ar fáil le haghaidh na cigireachta freisin.
  • Sonraí maidir lee tacagraif dhigiteacha maidir le gach tiománaí agus gach aonad feithicle le 12 mhí anuas. Ba cheart na sonraí sin a sholáthar ar mhéaróg chuimhne nó ar Dhiosca Ríomhaire. 
  • Fógraí a sheol tú chuig do thiománaithe maidir le ham oibre;
  • Comhaontuithe comhchoiteanna nó comhaontuithe lucht saothair maidir le tréimhsí tagartha/obair oíche, más ábhartha; agus
  • Sonraí ar an meán-am oibre seachtainiúil a d’oibrigh gach duine de do thiománaithe le 17 nó 26 seachtaine anuas, cibé acu is infheidhme maidir le d’fhiontar.

Cigireacht a dhéanann Cigire Feithiclí/Cigire Teicniúil

Ba chóir duit ullmhú don chigireacht agus a chinntiú go bhfuil na doiciméid a liostaítear thíos ar fáil.  Beidh roinnt pleanála ullmhúcháin a dhéanfaidh tusa roimh an gcigireacht ina chuidiú le críochnú tapa na cigireachta. Ba chóir go mbeadh duine/daoine ar fáil agat chun cuidiú leat, chun ceisteanna a shoiléiriú agus chun aon cheist a fhreagairt a thiocfadh chun cinn le linn na cigireachta.  Ba chóir go mbeadh spás agat ionas gur féidir leis an gcigire do thaifid a athbhreithniú agus an chigireacht a dhéanamh.

Doiciméid ba cheart bheith réidh agat

1. Liosta de na feithiclí agus na leantóirí go léir a úsáidtear sa ghnó lena n-áirítear uimhreacha cláraithe feithiclí agus cóipeanna de dheimhnithe ródacmhainneachta
2. Taifid maidir le cigireacht, cothabháil agus deisiúchán do gach feithicil
3. Taifid maidir le tuairiscí lochtanna a fuarthas ó thiománaithe agus fianaise ar bhearta leantacha chun aghaidh a thabhairt ar na lochtanna sin
4. Plean sceidealaithe le haghaidh cigireachtaí, cothabhála / seiceálacha sábháilteachta feithiclí
5. Sonraí faoin oiliúint a cuireadh ar fáil do thiománaithe chun seiceálacha imshiúil a dhéanamh agus chun lochtanna feithicle a thuairisciú
6. Cáilíochtaí agus/nó taithí an phearsanra atá freagrach as cothabháil feithiclí.  Sa chás go ndéanann tríú páirtí nó páirtithe do chothabháil feithicle: 

  • sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhíse
  • an conradh nó an comhaontú atá i bhfeidhm
  • ordú le haghaidh obair chothabhála atá déanta agat
  • sonraisc le haghaidh obair a rinneadh.

Féach ar ár bhfíseán gairid ina dtaispeánfar duit cad a bheidh romhat ag cigireacht ar an áitreabh a dhéanann Cigire Feithiclí/Cigire Teicniúil. 

YouTube - Cigireachtaí ar an Áitreabh

 

I ndiaidh Cigireacht ar an Áitreabh

Déanfaidh Oifigigh Iompair agus Cigirí Feithiclí/Teicniúla torthaí uile na cigireachta a thaifeadadh agus tabharfar tuairisc duit.  Beidh an tuairisc sin ar fáil duit freisin trí do Chuntas CVRT ar Líne. Chun do chuntas CVRT ar líne a chruthú ní mór duit clárú linn.  Má tá tú cláraithe cheana féin is féidir leat logáil isteach chun féachaint ar do thuairiscí cigireachta.  I láthair na huaire, níl ach cigireacht ar an áitreabh ag Oifigeach Iompair ar fáil trí do chuntas ar líne.  Táthar ag súil go mbeidh cigireachtaí Feithiclí/Teicniúla ar an áitreabh ar fáil roimh dheireadh 2015, áfach.
 
Coimeádfaimid taifead den chigireacht ar ár gcóras go ceann 10 mbliana ar a laghad.  Cuirfear torthaí na cigireachta isteach inár dTáscaire Riosca Oibreoirí Feithiclí Tráchtála (CVORI) ar feadh 3 bliana ar a mhéad nuair a bheidh an chigireacht déanta.

Ba cheart duit aon choigeartuithe is gá a dhéanamh láithreach chun aon easnaimh a aimsíodh le linn na cigireachta a dheisiú lena chinntiú go bhfuil tú lánchomhlíontach.  Cuirfear iad sin ar d’aird ar an lá ó bhéal agus beidh siad leagtha amach sa tuairisc chigireachta agus/nó i bhFógra/ Litir um Threoir.

Toradh na Cigireachta

D’fhéadfadh roinnt torthaí a bheith mar thoradh ar chigireacht ar an áitreabh.
 
Nuair a fheicfear comhlíonadh, críochnófar an gcigireacht agus gheobhaidh tú tuairisc. Cé go bhféadfaí tú a roghnú go randamach fós le haghaidh cuairt ar d’áitreabh amach anseo, is féidir leat a bheith ag súil go mbeidh líon na gcigireachtaí níos ísle de réir chomh comhlíontach agus atá atá tú toisc go bhfuil cigireachtaí á ndíriú níos mó ar oibreoirí nach bhfuil chomh comhlíontach sin agus lena mbaineann riosca níos airde.

Sa chás go mbraitear sáruithe agus/nó go bhfaightear go bhfuil na córais neamhleor cuirfear é sin in iúl duit agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

  • D’fhéadfaí rabhadh duit a thabhairt duit
  • D’fhéadfaí go n-iarrfaí ort tuilleadh eolais a chur isteach
  • D’fhéadfaí / Litir um Threoir a eisiúint chugat
  • D’fhéadfaí go dtógfaí taifid uait le haghaidh tuilleadh anailíse (gheobhaidh tú admháil ina leith)
  • D’fhéadfaí go gcuirfí cosc a chur ar thiománaithe/feithiclí tiomáint/a thiomáint go dtí go gceartófar sáruithe
  • D’fhéadfadh sé go gcuirfí ar an liosta thú le haghaidh iarchigireachta
  • D’fhéadfadh sé go gcuirfí agallamh ort faoi rabhadh agus go dtionscnófaí ionchúiseamh 

Tabharfaidh Oifigigh Iompair agus Cigirí Feithiclí / Teicniúla oideachas agus comhairle duit, ar na rialacha atá i bhfeidhm agus conas is féidir leat cloí leo a chomhlíonadh, le linn na cigireachta.

Iarchigireachtaí ar an Áitreabh

Roghnaítear áitribh le haghaidh iarchigireachta bunaithe ar roinnt critéar.  Áirítear leis na critéir sin sa cásanna seo a leanas:

  • Tugadh rabhadh duit
  • Moltar beart leantach i ndiaidh na chéad chigireachta
  • Eisíodh Fógra / Litir um Threoir
  • Níor cuireadh tuilleadh eolais isteach
  • Braitear sáruithe ar uaireanta tiománaithe agus/nó ar an tacagraf ag cigireacht cois bóthair
  • Braitear lochtanna feithicle de theip contúirteach / mórdhéine ag cigireacht cois bóthair
  • Teipeann ar fheithicil sa tástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVR) le míreanna ‘teip contúirteach’
  • Ní dhearna tú d’fhéindhearbhú bliantúil
  • Rinneadh tú a ionchúiseamh roimhe seo
  • Faighimid gearáin / faisnéis maidir le neamhchomhlíonadh.

Ba cheart duit ullmhú le haghaidh iarchigireacht ar an mbealach céanna le gnáthchigireacht thuas.  Féadfaidh an t-oifigeach / cigire díriú isteach ar ghnéithe áirithe de d’oibríocht nó féadfaidh sé nó sí cigireacht iomlán a dhéanamh ar na taifid go léir, ag brath ar an gcúis leis an iarchigireacht.

Maidir Linn

Oifigigh Iompair – An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

Fostaíonn an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre Oifigigh Iompair go díreach.  Déanann siad cigireachtaí cois bóthair ag áitribh oibreora chun comhlíonadh rialacha AE maidir le tacagraif agus uaireanta tiománaithe agus na Treorach Ama Oibre d’oibrithe soghluaiste a sheiceáil chomh maith le gnéithe maidir le ceadúnú oibreoirí agus CPC tiománaithe a sheiceáil. Is oifigigh fhorfheidhmithe údaraithe iad Oifigigh Iompair arna gceapadh faoi Alt 15 den Acht um Iompar ar Bhóithre 1986 (arna leasú) agus Alt 16 den Acht um Iompar ar Bhóithre 2011..  Tá cumhachtaí na nOifigeach Iompair leagtha amach i gCuid 5 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar ar Bhóithre) (Dálaí Oibre agus Sábháilteacht ar Bhóithre) 2008 (S.I. 62 of 2008) (arna leasú).

Cigirí Feithiclí – An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

Fostaíonn an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre Cigirí Feithiclí go díreach.  Déanann siad iniúchtaí ródacmhainneachta cois bóthair.  Chomh maith leis sin déanann siad cigireachtaí cuimsitheacha teicniúla ag Ionaid Tástála Feithiclí Tráchtála agus ar áitribh oibreoirí in Éirinn mar chuid den chlár reachtúil maidir le cigireachtaí ródacmhainneachta feithiclí tráchtála.  Ceapadh Cigirí Feithiclí mar Oifigigh Údaraithe agus Cigirí CVR faoi Ailt 24 & 33 den Acht um an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) 2012 (PDF)..  Tá cumhachtaí na n-oifigeach údaraithe leagtha amach in ailt 25 & 31 den Acht.  Tá cumhachtaí na gCigirí CVR leagtha amach in ailt 34 & 31 den Acht.
 
Tá aonad forfheidhmithe an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre lonnaithe i gCo. na Gaillimhe ag an seoladh seo a leanas:  
 
Standards & Enforcement Directorate,
Road Safety Authority,
1st Floor, Clonfert House,
Bride street,
Loughrea,
Co. Galway
H62 ET93
 
Phone: 091 872600
 
Email:  enforcement@rsa.ie 

Cigirí Teicniúla - A.A. Ireland/Bureau Veritas

I ndiaidh próiseas iomaíoch tairisceana, A.A. tosóidh Ireland Ltd. ag déanamh cigireachtaí teicniúla ag ionaid tástála feithiclí tráchtála agus ar áitribh oibreoirí in Éirinn mar chuid den chlár reachtúil maidir le cigireachtaí ródacmhainneachta feithiclí tráchtála ó mhí Eanáir 2019.
 
A.A. Déanfaidh A.A. Ireland teagmháil dhíreach le hoibreoirí maidir leis na cigireachtaí sin ar an áitreabh.
 
Is iad seo a leanas sonraí teagmhála A.A. Ireland dá dteastódh siad uait:
 
AA Ireland,
Unit D, Merrywell Business Park,
Ballymount Road Lower,
Dublin,
D12 F1H2
 
Phone: 01 9618939
Email: CVR.RSA@theaa.ie
 
Tiocfaidh deireadh leis an gconradh le haghaidh seirbhísí cigireachta teicniúla le Bureau Veritas (B.V.) an 31 Nollaig 2018, ach leanfaidh BV ag déanamh cigireachta oibreoirí suas go dtí an dáta sin.
 
Ceapadh Cigirí Teicniúla mar oifigigh údaraithe faoi Alt 24 den  Acht um an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) 2012 (PDF).   Tá cumhachtaí na n-oifigeach údaraithe leagtha amach in ailt 25 & 31 den Acht.

How to Self Declare.mp4How to Self Declare.mp4

 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!