Riachtanas um ID an Láithreora

Má tá feithicil á tabhairt agat do Thástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVRT) ní mór duit Aitheantais a thabhairt. Mura dtugann tú ceann leat, ní eiseofar an Deimhniú Ródacmhainneachta (CRW) d’fheithicil a n-éiríonn léi sa tástáil, go dtí go soláthrófar an ID riachtanach.

Cén fáth ar gá dom ID a thabhairt liom?

Trí IDanna láithreoirí a thaifeadadh cuidíonn sé linn tástáil ar chaighdeán níos airde a chinntiú agus é a dhéanamh níos fusa ceisteanna a fhiosrú. D’fhéadfadh sé faisnéis thábhachtach a sholáthar, chun cuidiú le patrúin neamhghnácha gníomhaíochta a bhaineann le cáilíocht nó torthaí tástála a shainaithint agus a fhiosrú. Feidhmíonn cur i bhfeidhm na mbeart sin mar chosc ar ghníomhaíocht chalaoiseach i ndáil leis an CVRT chomh maith.

Soláthraítear an bunús dlí sna Rialacháin maidir le Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála (Tástáil Feithiclí) (Uimh.2) 2013 (PDF) faoinar féidir an t-aitheantas riachtanach a lorg. 

Cén cineál I.D. a theastaíonn?

Glactar le do cheadúnas tiomána nó do phas mar foirmeacha inghlactha I.D. Ón 20 Bealtaine 2018 i leith, glacfar leis an gcárta seirbhísí poiblí freisin. 
Ba cheart go mbeadh do cheadúnas tiomána leat toisc go bhfuil sé in aghaidh an dlí feithicil a thiomáint gan ceadúnas tiomána.  

An gciallaíonn sé sin nach féidir ach leis an úinéir an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh tástála?

Ní chiallaíonn. Ciallaíonn sé go simplí go gcaithfidh pé duine a ainmníonn tú chun d'fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh tástála a c(h)eadúnas tiomána nó a phas a sholáthar.

Cad a tharlóidh má dhéanann an láithreoir dearmad ar ID a thabhairt leis nó léi?

Má dhéanann tú dearmad ar ID a thabhairt leat is féidir leis an ionad tástála an tástáil a dhéanamh ar an bhfeithicil fós. Má éiríonn leis an bhfeithicil sa tástáil, áfach, beidh ort dul ar ais chuig an ionad tástála chomh luath agus is féidir le ID bailí ionas gur féidir an CRW a chur amach.

Ba chóir go dtuigfeá nach n-eiseofar an CRW mura soláthraíonn tú ID an Láithreora.  Ní bheidh tú in ann cáin a chur ar d’fheithicil mura bhfuil CRW bailí cothrom le dáta le d’fheithicil cheana féin.

Mura bhfuil ID an Láithreora agam, an bhfaighidh mé cruthúnas go bhfuil an tástáil críochnaithe ag an bhfeithicil?

Eiseofar tuairisc tástála chugat nuair a bheidh an tástáil críochnaithe.   Cuirfear eisiúint an CRW ar feitheamh go dtí go bhfillfidh tú leis an ID riachtanach.

Cad a thaifeadfaidh an t-ionad tástála?

Taifeadfaidh an t-ionad tástála d’ainm, an cineál aitheantais a sholáthair tú agus an uimhir uathúil ábhartha ar an aitheantas. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil do chuid sonraí sábháilte agus go ndéantar taifeadadh sonraí de réir oibleagáidí cosanta sonraí.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!