Uaireanta Tiománaithe

Is tosca riosca aitheanta é tuirse tiománaithe in imbhuailtí bóthair. D’fhéadfadh tuirse a bheith ina chúis le duine a chur ar seachrán nó, níos measa fós, go dtitfeadh tiománaí ina chodladh nó ina codladh ag an roth. Is toisc shuntasach í tuirse i dtimpistí feithiclí tráchtála troma. 

Le dlí AE rialaítear am tiomána tiománaithe gairmiúla a úsáideann feithiclí earraí os cionn 3.5 tona (lena n-áirítear leantóirí) agus feithiclí paisinéirí a bhfuil níos mó ná 8 suíochán paisinéara iontu. 

Is iad na príomhcheanglais nach féidir leat tiomáint:

  • Gan sos ar feadh níos mó ná 4.5 uair an chloig. I ndiaidh tiomáint ar feadh 4.5 uair an chloig, tá sos 45 nóiméad ar a laghad éigeantach.  Is féidir leat an sos sin a scaipeadh thar na 4.5 uair an chloig trí sos 15 nóiméad a ghlacadh agus sos 30 nóiméad ina dhiaidh sin. 
  • Ar feadh níos mó ná naoi n-uair an chloig in aghaidh an lae nó 56 uair sa tseachtain. Féadfar é sin a shíneadh go 10 n-uair nach mó ná dhá uair sa tseachtain  
  • Ar feadh níos mó ná 90 uair an chloig in dhá sheachtain as a chéile

Tá dianrialacháin ann freisin maidir leis an meán-am oibre agus an méid sosa nach mór a ghlacadh ar bhonn laethúil agus ar bhonn seachtainiúil.  

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta/am oibre tiománaithe, féach leabhráin an RSA “Rialacha AE maidir le hUaireanta Tiománaithe (PDF)​” & Treoir maidir leis an Treoir Ama Oibre um Iompar ar Bhóithre (PDF)" nó déan teagmháil leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag (091) 872 600.

Déantar an méid ama a bhíonn tiománaí ar an mbóthar a thomhas trí Thacagraif. Tá dhá chineál ann: Digiteach agus Analógach. 

Príomhrialacha le haghaidh Tiománaithe a úsáideann Tacagraif Dhigiteacha.

Agus feithicil ina tacagraf digiteach á tiomáint agat, ba cheart duit:

  • úsáid a bhaint as an gcárta tiománaí gach lá tiomána, ag tosú ón nóiméad a ghlacann tú ceannas ar an bhfeithicil 
  • ​an lascmhód a shocrú go dtí an ghníomhaíocht cheart agus a chinntiú go mbainfidh tú úsáid as le linn do thréimhse oibre chun obair eile, tréimhsí infhaighteachta, scíth agus sosanna a thaifeadadh 
  • do chárta tiomána a bhaint nuair a ghlacann tiománaí eile ceannas ar an bhfeithicil, nó nuair nach bhfuil an fheithicil faoi do choimeád nó má fhéadann tiománaí eile é a thiomáint 
  • do chárta a chosaint, é a coinneáil glan agus gan é a lúbadh 
  • an tír ina dtosaíonn tú agus ina gcríochnaíonn tú do thréimhse oibre laethúil a thaifeadadh (é sin a dhéanamh i gcónaí ag tús agus deireadh na tréimhse)
  • do ghníomhaíochtaí a chur isteach de láimh maidir le – haon obair eile, sosanna, scíth agus tréimhsí infhaighteachta – ó bhain tú do chárta tiománaí den tacagraf an uair dheireanach.

Ón 1 Eanáir 2008 i leith, ní mór duit a bheith ábalta an méid seo a leanas a sholáthar, aon uair a iarrfaidh oifigeach forfheidhmithe iad:

  • dochárta tiománaí 
  • aon taifead láimhe agus asphrionta a rinneadh i rith an lae sin agus le 28 lá anuas agus 
  • ​cairteacha analógacha d’aon fheithicil ina bhfuil tacagraf analógach arna tiomáint ag an tiománaí an lá sin agus le 28 lá anuas.

Príomhrialacha le haghaidh Tiománaithe a úsáideann Tacagraif Analógacha

Má tá tú ag tiomáint feithicle nach bhfuil tacagraf digiteach inti ach a thagann faoi na rialacha maidir le huaireanta tiománaithe ba chóir duit d’uaireanta a thaifeadadh ag baint úsáid as cairt analógach. Ba chóir duit a chinntiú go sonrach go bhfuil lár-réimse na gcairteacha analógacha go léir comhlánaithe i gceart agus ina n-iomláine.

Bileoga taifead analógach

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith i mbileoga taifead analógach:

  • sloinne agus céadainm an tiománaí 
  • an dáta agus an áit a gcuirtear tús le húsáid na bileoige agus an dáta agus
  • an áit a gcríochnaíonn an bhileog 
  • uimhir chláraithe gach feithicle dá sanntar an tiománaí ag tús an chéad turais a thaifeadtar ar an mbileog agus ansin, máathraítear an fheithicle, le linn úsáid na bileoige
  • léamh odaiméadair: ag tús an chéad turais, ag deireadh an turais dheireanaigh, agus má athraítear an fheithicil le linn lá oibre, ar an bhfeithicil dár sannadh an tiománaí agus ar an bhfeithicil a bhfuil an tiománaí ag athrú chuig
  • am ar athraíodh an fheithicle 

​​Freagrachtaí an oibreora

Tá príomhfhreagrachtaí ar oibreoir na feithicle maidir leis an dá chineál tacagraif: 

  • As sonraí a íoslódáil ó na cártaí tiománaí (gach 21 lá ar a laghad) agus aonaid feithicle (gach 90 lá ar a laghad) agus an fhaisnéis sin a shábháil mar aon le haon chairt analógach nó asphriontaí a rinneadh ar feadh bliana. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil ina bhformáid “amh” d’oifigeach forfheidhmithe arna iarraidh sin. 
  • As monatóireacht a dhéanamh ar thaifid agus asphriontaí tiománaithe. Má sháraítear na rialacha maidir le tiománaithe, ní mór don oibreoir aghaidh a thabhairt orthu agus bearta a dhéanamh lena chinntiú nach dtarlóidh siad arís. 

Gearán/Tuairisc faoi Rún a Dhéanamh

Má tá buarthaí ar bith agat go bhféadfadh oibreoir nó tiománaí a bheith ag gníomhú go mídhleathach maidir le Ródacmhainneacht Feithicle, Uaireanta Tiománaithe, Tacagraif agus/nó Tarlú Neamhcheadúnaithe is féidir leat gearán faoi rún a chur isteach chuig an RSA. Faigh amach conas do ghearán a chur isteach ar ár leathanach gearán. ​

Ionchúisimh an RSA

Tá an RSA freagrach as reachtaíocht iompair AE agus náisiúnta a fhorfheidhmiú le maidir le tacagraif, rialacha AE maidir le huaireanta tiománaithe, gnéithe den treoir ama oibre um iompar de bhóthar maidir le ceadúnú oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí paisinéirí chun dul i mbun oibríochtaí ar fruiliú agus luach saothair agus CPC​ Tiománaithe. ​​Ó 2009 i leith, thionscain an RSA ionchúisimh i gcoinne tiománaithe agus oibreoirí maidir le sáruithe ar an reachtaíocht sin agus is féidir sonraí na n-ionchúiseamh críochnaithe a fháil ar an gcuid 
‘ionchúisimh’ ar shuíomh gréasáin an RSA.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!