Cothabháil Choisctheach

Mar úinéir nó úsáideoir feithicle tráchtála, ceanglaítear ort córais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun cigireacht agus cothabháil rialta a dhéanamh ar fheithiclí; tá dhá chineál cigireachta nach mór a dhéanamh :-

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le cad is cothabháil choisctheach ann agus conas a chinneadh cé chomh minic ba ceart cothabháil choisctheach a dhéanamh ar fheithiclí.

Cad is cothabháil choisctheach ann?

Is éard atá i gceist le cothabháil choisctheach ná cothabháil sceidealaithe, deisiúcháin comhpháirteanna agus iniúchtaí feithicle a dhéanann duine cuícháilithe chun

  • a chinntiú go bhfuil feithiclí agus míreanna trealaimh ag oibriú i gceart
  • seachain aon bhriseadh síos neamhsceidealaithe agus aga neamhfhónaimh a sheachaint
  • ródacmhainneacht na feithicle a chinntiú.

Ní hionann cothabháil choisctheach agus bus, trucail nó leantóir a thabhairt isteach sa cheardlann go díreach an méid a fheiceann tú a dheisiú nó seirbhís a dhéanamh ar an bhfeithicil. Ciallaíonn sé bheith ag faire amach do rudaí a d’fhéadfadh teip ar an bhfeithicil ionas nach dtarlóidh rioscaí mar thoradh ar mheathlú nó ar chliseadh comhpháirte nó córais sábháilteachta ar an bhfeithicil. Is éard atá ann ná teipeanna a bhrath, a cheartú agus a chosc go córasach sula mbeidh siad ina lochtanna iarbhír nó móra i gcomparáid le cothabháil cheartaitheach. Ba cheart go mbeadh do chlár cothabhála coiscthí do gach feithicil críochnúil, rialta agus go ndéanfar é minic go leor chun treoirlínte an mhonaróra a chomhlíonadh agus go bhfuil an fheithicil, má úsáidtear ar bhóthar í, go bhfuil sí sábháilte agus ródacmhainneach. Le cothabháil choisctheach réamhbheartaithe mar aon le seiceálacha laethúla imshiúil,  cinntítear go gcoimeádtar bail ródacmhainneach ar fheithiclí.

Roghanna maidir le cothabháil choisctheach agus freagrachtaí oibreoirí.

Is féidir leat aghaidh a thabhairt ar chothabháil feithicle ar roinnt bealaí. Is féidir é a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe tríú páirtí, ina iomláine nó gnéithe den tasc cothabhála amháin. Nó d’fhéadfadh duine cuícháilitheé a dhéanamh go hinmheánach.
 
Pé réiteach a ghlacfar, más leat féin an fheithicil tráchtála ná má úsáideann tú feithicil tráchtála, beidh tú freagrach as córas cothabhála coiscthí cuí a bheith i bhfeidhm chomh maith le bheith freagrach as bail ródacmhainneachta na feithicle lena n-áirítear leantóirí a bheith á dtarraingt ar an mbóthar, fiú mura leatsa an leantóir sin.

Ba cheart duit cothabháil choisctheach a sceidealú ag eatraimh ar leith ionas gur féidir leat fadhb a aithint sula n-éireoidh sí níos measa.

Cé chomh minic ba cheart cothabháil choisctheach a dhéanamh ar fheithicil

Tá roinnt tosca éagsúla ann ba cheart a chur san áireamh agus cé chomh minic ba cheart cothabháil a dhéanamh ar fheithicil á chinneadh. Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh:

  • Bail do fheithiclí agus do leantóirí;
  • na dálaí faoina n-úsáidfear iad;
  • Aois agus míleáiste bliantúil na bhfeithiclí;
  • A mhéid atá struchtúr na feithicle nó na gcodanna caite nó meathlaithe;
  • Cé chomh minic a aimsítear lochtanna le linn gnáthsheiceálacha feithicle;
  • Moltaí mhonaróir na feithicle, a fhorbraíonn sceidil chothabhála feithiclí a bhaineann go sonrach leis an múnla.

D’fhéadfadh go mbeadh amanna ann nuair a d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cigireachtaí breise a dhéanamh lasmuigh de na gnáthchigireachtaí réamhbheartaithe, go háirithe má tá an fheithicil ag déanamh obair níos troime nó ag taisteal achair níos mó ná mar is gnách.
 
Roghnaigh roinnt úinéirí flíteanna móra sampla dá bhflít a thabhairt isteach le haghaidh tástáil sábháilteacht dheonach ag ionad Tástála Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála (CVRT) idir eatraimh chigireachtaí. Ag brath ar bhail na feithicle arna chinneadh de réir thoradh na gcigireachtaí sin, tá úinéirí flít ag coigeartú na dtréimhsí cigireachta dá réir. Tosca eile lena bhféadfaí leordhóthanacht na dtréimhsí iniúchta a chinneadh is ea an ráta pas/teipe ag an tástáil bhliantúil, agus go háirithe má bhíonn “Teip Chontúirteach” ar bith i gceist. 

Agus an mhinicíocht chuí do d’fhlít á breithniú agat, ba cheart duit anailís a dhéanamh ar do thaifid agus i gcás ina gcliseann ar chomhpháirteanna go rialta idir cigireachtaí bheadh sé cuí go ndéanfaí cigireacht ar na feithiclí sin ar bhonn níos minice.  Ba cheart anailís ar leith a dhéanamh ar gach feithicil ós rud é go bhféadfaí cuid acu a úsáid faoi dhálaí a bhíonn difriúil le cinn eile; míleáiste níos airde a dhéanamh ná cinn eile; a bheith ina ndéanamh éagsúil, múnla éagsúil, aois éagsúil etc. 

Tábla Minicíochta Táscaí

Taispeántar sa tábla thíos minicíocht tháscach chothabhála in incrimintí seachtainiúla.  Is treoirlíne mhaith é an tábla seo d’oibreoirí nua, ach ní mór d’oibreoirí a bhfuil taithí acu a dtréimhsí cigireachta a shaincheapadh chun freastal ar an gcineál oibre a bhfuil siad ina bun agus ar shaintréithe an fhlít.  Is treoirlíne amháin atá sa tábla agus níl sé beartaithe íosmhéideanna / uasmhéideanna dlíthiúla a chruthú leis. 


Tábla Minicíochta Táscaí

Ba cheart duit athbhreithniú rialta a dhéanamh agus pé athruithe a theastaíonn a dhéanamh chun éifeachtacht do chórais cothabhála coiscthí a chinntiú.  I measc na gcomharthaí rabhaidh nach bhfuil do chóras cothabhála reatha éifeachtach tá: 

  • clistí rialta feithiclí;
  • costais arda deisiúcháin in aghaidh na feithicle;
  • moilleanna ag seiceálacha cois bóthair ar fheithiclí;
  • teip ar fheithiclí ina dTástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála; agus
  • imbhuailtí.

Sampla de dhá bhus

Tá dhá bhus ag oibreoir bus: oibríonn bus amháin idir Gaillimh agus Aerfort Bhaile Átha Cliath dhá uair sa lá ag taisteal 200,000 km in aghaidh na bliana agus ní dhéanann an dara bus níos lú ach turais áitiúla arb ionann iad agus thart ar 25,000 km in aghaidh na bliana.  Is dócha go mbeidh gá le cigireachtaí cothabhála níos minice ar an gcéad bhus, toisc go bhfuil míleáiste i bhfad níos airde ag baint leis.  Ag baint úsáid as an gcairt thuas agus ag glacadh leis go n-oibreoidh an bus faoi ghnáthdhálaí (Líne B), dhéanfaí cigireacht chothabhála ar bhus an aerfoirt thart ar gach cúig seachtaine agus dhéanfaí cigireacht chothabhála ar an mbus a dhéanann áitiúla thart ar gach naoi seachtaine.

Sampla de thrucail dumpála a úsáidtear ar an mbóthar agus sa chairéal

Tá trucailí dumpála ina bhflít ag oibreoir seanbhunaithe agus is é 75,000 km an meánmhíleáiste bliantúil.  Bhí eatraimh cothabhála coiscthí sceidealaithe le haghaidh dhá uair sa bhliain.  Oibrítear na trucailí sin sa chairéal agus ar an mbóthar.  Fuair an t-oibreoir go raibh costais arda ag baint le deisiú an chrochta agus na gcoscán.  Chinn an t-oibreoir a sceideal cothabhála a athrú ionas go ndéanfaí iniúchadh ar fheithiclí gach 25,000km / 10 seachtaine, cibé acu is túisce.  I ndiaidh é sin a thriail ar feadh 6 mhí thug an t-oibreoir laghdú ar chostais deisiúcháin faoi deara.

Sampla de chuideachta aistrithe

Bhain cuideachta aistrithe ag a raibh flíteanna measctha de veaineanna agus trucailí de mhéideanna éagsúla úsáid ar dtús as cigireacht 4 sheachtain, ach bhraith siad go raibh sé sin rómhinic agus laghdaigh siad minicíocht na cigireachta go 12 sheachtain.  I ndiaidh tréimhse monatóireachta 6 mhí, chonaic siad méadú mór ar lochtanna, agus fuair siad go raibh níos mó clistí ag tarlú orthu ar an mbóthar.  Chinn siad minicíocht na cigireacht a mhéadú go 6 seachtaine. I ndiaidh monatóireacht a dhéanamh ar feadh 12 mhí, bhí an leibhéal lochtanna ag teacht leis an leibhéal a bhí ann ag 4 seachtaine agus mar sin chinn an chuideachta aistrithe minicíocht na cigireachta a choinneáil ag 6 seachtaine.

Sampla de chuideachta cúiréireachta

Bhí eatramh cigireachta 13 seachtaine sna flíteanna ar fad ag cuideachta cúiréireachta ag a raibh flít trucailí a raibh meáchain idir 3.5t agus 7.5t acu.  Fuair siad go raibh níos mó aga neamhfhónaimh ag baint leis na feithiclí a bhí ag oibriú idir Gaillimh agus Dún na nGall, áfach, mar gheall ar chothabháil cheartaitheach ná na cinn a bhí ag oibriú ar bhonn áitiúil i gcathair na Gaillimhe amháin.  Mar sin, leasaigh siad a sceideal minicíochta go dtí gach 10,000km nó 6 seachtaine, cibé acu is túisce.  Fuair siad go ndearna siad cigireacht ar fheithiclí a úsáidtear le haghaidh turais fhada níos minice agus laghdaíodh leibhéal na gclistí.

Duine Cuícháilithe

Is éard is “Duine Cuícháilithe” ann ná duine ainmnithe a bhfuil freagracht air/uirthi as cigireacht agus cothabháil a dhéanamh ar d’fheithiclí agus as aon deisiúcháin a theastaíonn chun lochtanna ar do chuid feithiclí nó leantóirí a cheartú.

 Meicneoir nó duine coibhéiseach a bheidh i do Dhuine Cuícháilithe de ghnáth a bhfuil an taithí agus/nó na cáilíochtaí ábhartha aige nó aici lena chur ar a gcumas ródacmhainneacht feithicle a mheas agus aon deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh.


 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!