Téarmaí agus Coinníollacha

LÉIGH GO CÚRAMACH LE DO THOIL NA TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA SEO A LEANAS. LEAGTAR AMACH SNA TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AN BONN AR A BHFUIL TÚ I dTEIDEAL TEACHT AIR AGUS ÚSÁID A BHAINT AS AN SUÍOMH GRÉASÁIN WWW.CVRT.IE (AN “SUÍOMH”).

An Suíomh seo a úsáid

Is leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an “RSA”, “sinn” nó “ár”) an t-ábhar go léir atá ar an Suíomh seo, amhail téacs, grafaicí, lógónna, deilbhíní cnaipí, íomhánna, gearrthóga fuaime agus bogearraí, ár gceadúnuitheoirí agus tá sé faoi chosaint ag dlíthe cóipchirt infheidhmithe agus/nó dlíthe maoine intleachtúla eile.

Admhaíonn tú nach bhfuil cead agat ach aon ábhar atá ar an Suíomh seo a úsáid mar atá údaraithe ag an RSA agus aontaíonn tú freisin gan saothar díorthaigh den ábhar sin a chóipeáil, a atáirgeadh, a tharchur, a dháileadh nó a chruthú gan údarú scríofa a fháil roimh ré ón RSA. Ní fhéadfaidh tú, gan ár gcead i scríbhinn roimh ré, ábhar den sórt sin a chóipeáil, a íoslódáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a tharchur nó déileáil leis ar bhealach ar bith eile seachas úsáid phearsanta neamhthráchtála a bhaint as duit féin amháin.

Beidh na Téarmaí agus Coinníollacha seo faoi rialú ag dlíthe na hÉireann agus a fhorléiriú de réir dhlíthe na hÉireann agus leis seo a chur faoi bhráid dhlínse eisiach Chúirteanna na hÉireann chun aon éileamh nó aighneas a réiteach a eascraíonn as, nó i dtaca leis, na Téarmaí agus Coinníollacha seo agus/nó an Suíomh seo.

Coimeádann an RSA an ceart an t-eolas ar an Suíomh seo a nuashonrú nó a athrú (lena n-áirítear na Téarmaí agus Coinníollacha seo) ag am ar bith gan aon fholáireamh a thabhairt roimh ré. Ní ghlacann an RSA le haon fhreagracht as, nó le hoibleagáid a bhaineann leis, an fhaisnéis ar an Suíomh seo a choinneáil cothrom le dáta nó le dliteanas mura ndéantar amhlaidh. Ina theannta sin, trí leas a bhaint as an Suíomh seo, aontaíonn tú go bhfuil tú faoi réir aon bheartais nó rialacha bainteach leis an Suíomh, a fhéadfaidh an RSA a phostáil ar an Suíomh ó am go chéile.

D’fhéadfadh briseadh gearr tarlú ó am go chéile ó thaobh infhaighteacht an tSuímh seo. Ina theannta sin, féadfaidh an RSA an Suíomh seo a athrú, a chur ar fionraí nó éirí as ag am ar bith beag beann ar fholáireamh a thabhairt duit roimh ré. Níl an RSA faoi dhliteanas ar bhealach ar bith maidir le haon bhriseadh, athrú, fionraí nó scor dá leithéid.

Déanfaidh tú, ar do chostas féin, áiseanna a sholáthar agus a chothabháil chun rochtain a fháil ar an Suíomh seo agus chun faisnéis a fheiceáil a d’fhéadfaí a sheoladh trí ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a thug tú. Níl an RSA faoi dhliteanas ar bhealach ar bith mar gheall ar aon ríomhphoist ar theip orthu i mbun iad a sheoladh.

Príobháideachas

Ní mór d’oibreoirí atá ag clárú le haghaidh Cuntas CVRT Ar Líne ar an Suíomh seo mar Thrádálaí Aonair, Comhpháirtíocht, nó Duine Príobháideach a nUimhir PSP a sholáthar chun a bhféiniúlacht a fhíorú. Cinntíonn an fíorú féiniúlachta oibreora seo méid áirithe slándála chun clárúcháin bhréagacha a chosc. Tá an RSA cláraithe le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus tá dianbheartais agus rialuithe i bhfeidhm lena chinntiú go gcoimeádtar an Uimhir PSP go sábháilte agus nach n-úsáidtear í ach amháin i gcomhair an chuspóra dár bailíodh í.

Is féidir teacht ar an bPolasaí Príobháideachais le haghaidh an tSuímh seo tríd an nasc seo a leanas:
bPolasaí Príobháideachais

Iarratais ar Áirithintí Tástála HCV/LCV

Éascaíonn an Suíomh seo iarratais áirithinte a chur isteach le haghaidh tástálacha feithiclí tráchtála. Ní hionann iarratas áirithinte a chur isteach tríd an Suíomh seo agus an áirithint sin a bheith deimhnithe. Ní bheidh áirithint mar thoradh ar iarratas áirithinte mura rud é agus go dtí go ndeimhníonn oibreoir an ionaid tástála Ródacmhainneacht Feithicle Tráchtála (CVR) roghnaithe an áirithint don duine a chuir an t-iarratas isteach tríd an Suíomh seo. Má chuirtear tástáil in áirithe tríd an Suíomh seo, beidh idirbheart idir tú féin agus an t-ionad tástála roghnaithe mar thoradh air sin. Cé gur féidir an Suíomh seo a úsáid mar bhealach chun tástáil a chur in áirithe agus, i gcásanna áirithe, chun táillí tástála a íoc, níl an RSA ina pháirtí san idirbheart idir tú féin agus an t-ionad tástála.

Má tá Teastas Ródacmhainneachta (“CRW”) ag teastáil ó d’fheithicil, ní hionann iarratas áirithinte a chur isteach le haghaidh tástála CVR nó go deimhin áirithint deimhnithe a bheith agat agus CRW a bheith agat. Is ar úinéir cláraithe na feithicle atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil sí clúdaithe ag CRW reatha i gcónaí.

Chun iarratas áirithinte ar thástáil CVR a chur isteach tríd an Suíomh seo beidh ort sonraí pearsanta, feithicle agus íocaíochta áirithe a sholáthar (má ghlacann an t-ionad tástála roghnaithe le híocaíochtaí ar líne). Caithfidh aon fhaisnéis a chuireann tú isteach a bheith iomlán agus beacht. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil tú i dteideal aon chárta creidmheasa/dochair a úsáid agus go bhfuil dóthain airgid ar fáil chun íoc as aon táillí a thabhaíonn tú.

Féadfaidh tástálacha CVR suas go 5 fheithicil ar a mhéad a bheith mar chuid d’aon iarratas áirithinte amháin. Is féidir íocaíochtaí as áirithintí a dhéanamh tríd an Suíomh seo má roghnaíonn an t-ionad tástála roghnaithe glacadh le híocaíochtaí ar líne a dhéantar tríd an Suíomh seo. Seachas sin, ní mór íocaíochtaí tástála a dhéanamh tráth na tástála. Más rud é go gclúdaíonn d’iarratas áirithinte níos mó ná feithicil amháin atá le tástáil ag níos mó ná ionad tástála amháin, ní féidir táillí tástála a íoc tríd an Suíomh seo agus ní mór na táillí tástála go léir a íoc ag am na tástála ag an ionad tástála ar leith.

Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil na cáipéisí riachtanacha go léir agat chun críocha iarratas áirithinte a dhéanamh ar thástáil CVR nó aon athruithe nó cealuithe ina dhiaidh sin ar iarratas áirithinte, íocaíochtaí a mbaineann leo a dhéanamh agus feithicil a chur faoi thástáil.

Deimhniú Ródacmhainneachta a Eisiúint

Má éiríonn le feithicil pas a fháil sa tástáil CVR agus má chomhlíonann sí na rialacha gnó bainteach léi, eiseofar CRW chuig úinéir cláraithe na feithicle, de réir an Chomhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe arna óstáil ag DVCSD sa tSionainn. Má tá úinéir cláraithe d’fheithicil mícheart, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’oifig mhótarchánach áitiúil.

Teip a Fháil i dTástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála

Eiseofar tuarascáil tástála d’aon fheithicil a dteipeann uirthi sa tástáil CVR ina léireofar na nithe ba chúis le teip na feithicle sa tástáil. Ní eiseofar CRW. Ní mór an fheithicil a thabhairt isteach chun atástáil a dhéanamh uirthi laistigh de 21 lá chuig an ionad tástála céanna inar theip uirthi i dtástáil roimhe sin agus ní mór níos lú ná 4000km a bheith taistealta aici ó rinneadh an tástáil. Mura gcomhlíontar ceann ar bith nó níos mó de na coinníollacha atástála seo, beidh sé riachtanach an fheithicil a chur isteach arís le haghaidh tástála iomlán, ar chostas oibreoir/úinéara na feithicle.

Athchóip de Dheimhniú Ródacmhainneachta a Eisiúint

Féadfar iarratais a dhéanamh ar CRW athsholáthair má tá CRW reatha bailí ag feithicil a cailleadh, a goideadh nó a ndearnadh damáiste di. Mar chuid den iarratas beidh ort a chur in iúl cé acu ar cailleadh, ar goideadh nó ar ndearnadh damáiste dóibh. Ní mór iarratas ar CRW athsholáthair a chomhlánú agus a stampáil ag stáisiún Garda (cibé an bhfuil sé ar intinn agat é a chur isteach de láimh nó ar líne). Ní eiseofar CRW athsholáthair chuig úinéir cláraithe na feithicle go dtí go gcuirtear an fhoirm chomhlánaithe ar ais chuig an RSA agus go n-íoctar an táille infheidhme.

Cad chuige a n-úsáidtear do rátálacha riosca agus cé a bheidh in ann teacht orthu?

Is uirlis iad do rátálacha riosca, agus aon fhaisnéis atá iontu, a úsáidtear ar mhaithe le cur i bhfeidhm a dhíriú. Ní úsáidtear iad ach mar threoir chun cabhrú leis an RSA a acmhainní forfheidhmithe teoranta a dhíriú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar na hOibreoirí sin a bhfuil seans níos mó ann iad a bheith neamhchomhlíontach agus a d’fhéadfadh a bheith níos contúirtí ó thaobh sábháilteachta ar bhóithre dá bharr.

Ní ceart aon fhaisnéis atá cuimsithe nó ar taispeáint ar do rátálacha riosca a thógáil mar fhianaise air nó a bheith bainteach le haon chuspóir eile.

Is rud pearsanta agat é mar Oibreoir do chuid faisnéise rátála riosca agus ní úsáideann an RSA í ach le haghaidh na gcuspóirí atá leagtha amach sa chreat dlíthiúil reatha. Ní bhaineann an creat seo ach le húsáid rátálacha riosca i gcomhthéacs mhinicíocht na gcigireachtaí agus ar mhaithe le cur i bhfeidhm a dhíriú.

Cumarsáid

Téitear i dteagmháil le húsáideoirí maidir le hiarratais a dhéantar ar an Suíomh seo agus áiseanna áirithinte trí mhodh cumarsáide ar bith a bhfuil a sonraí teagmhála curtha ar fáil ag úsáideoir ina leith, mar shampla, trí ríomhphost, tríd an bpost nó ar an ngutháin.

Táillí agus Íocaíochtaí

Athraíonn na táillí do thástálacha CVR ag brath ar an gcineál feithicle atá le tástáil. Faoi rogha an RSA atá sé na táillí seo a athrú ó am go chéile.

Tá an táille ar thástáil CVR le híoc leis an ionad tástála ar roghnaíodh. Má tá an t-ionad tástála roghnaithe in ann glacadh le híocaíochtaí ar líne, is féidir an táille a íoc tríd an Suíomh seo le linn iarratas áirithinte a chur isteach trí chárta creidmheasa/dochair bailí a úsáid.

Mura féidir leis an ionad tástála roghnaithe glacadh le híocaíochtaí a dhéantar tríd an Suíomh seo, ní mór an táille tástála CVR a íoc tráth na tástála.

Aisíocaíochtaí ar Thástálacha CVR

Más mian leat aon táille tástála CVR réamhíoctha a fháil ar ais, cibé acu toisc gur mhian leat áirithint tástála CVR a chur ar ceal roimh ré, nó toisc gur theip ort feithicil a thabhairt isteach le haghaidh tástála CVR ag am do áirithinte, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an ionad tástála ábhartha. Is faoi gach ionad tástála atá sé a bheartas féin a cheapadh maidir le haisíocaíochtaí. Toisc nach bhfuil an RSA ina pháirtí in aon idirbheart idir tú féin agus ionad tástála, níl aon dliteanas ar chor ar bith ar an RSA maidir le háirithintí tástála, cealuithe nó aisíocaíochtaí.

Slándáil

Ar mhaithe lena chinntiú go gcoimeádfar slán aon fhaisnéis bainteach le cárta creidmheasa/dochair a chuireann tú isteach sa Suíomh seo, bainimid leas as teicneolaíocht darb ainm Sraith Soicéad Slán (SSL). Is teicneolaíocht thionscalchaighdeánach í seo atá deartha chun cosc a chur ar fhaisnéis a idircheapadh le linn di a bheith á seoladh tríd an idirlíon. Ní choinnítear faisnéis do chárta creidmheasa/dochair ar an Suíomh seo; ina ionad sin aistrítear go slán sábháilte é chuig Realex Payments, soláthraí íocaíochtaí ar líne atá slán sábháilte. Coimeádaimid an ceart chun ár nósanna imeacht a fheabhsú, a leasú agus a nuashonrú aon am ba mhian linn gan aon fholáireamh a thabhairt.

D’ainneoin na mbeart slándála atá tógtha ag an RSA, ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhfuil rioscaí áirithe ag baint le cumarsáid idirlín. Glacann tú leis gur meán é an t-idirlíon nach bhfuil aon smacht againn air. Níl dliteanas ar an RSA as aon chaillteanas nó damáiste a eascraíonn as idirbhearta íocaíochta a dhéantar ar an Suíomh seo.

Gearáin

Conas gearán a dhéanamh

Tá sé mar aidhm ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal. Corruair, áfach, seans go mbeidh údar gearáin ag an bpobal.

Slí amháin ina ndéanaimid ár seirbhís a fheabhsú go leanúnach ná trí éisteacht leat agus déanamh de réir do thuairimí.

Rinneamar iarracht an próiseas gearáin a choimeád chomh simplí agus is féidir. Táimid dáiríre faoi aird a thabhairt ar ghearáin agus déanaimid iarracht déileáil go héifeachtach leo, trí:

  • iad a réiteach go pras;
  • freagra cuí a thabhairt bíodh sé sin i bhfoirm míniú a thabhairt nó leithscéal a ghabháil, má tá dul amú orainn; agus
  • eolas a thabhairt faoi aon bheart a rinneadh

Déanaimid iarracht foghlaim ó ghearáin agus dul i mbun gnímh chun ár seirbhís a fheabhsú.
Cuir do ghearán chuig:  Road Safety Authority, Clonfert House, Bride Street, Loughrea, Co. Galway, for the attention of Manager, CVRT Administration.

Séanta

Má sheolann tú aon ábhar chuig an RSA ag baint úsáide as an Suíomh seo, níl an RSA freagrach as cruinneas, fírinneacht agus iomláine an ábhair sin nó as aon bhotúin sa chaoi inar ionchuireadh é.

Cuirtear an t-ábhar ar an Suíomh ar fáil mar threoir faisnéise amháin agus ní míniú dlíthiúil é ar rialacha an AE ná ar rialacha náisiúnta a bhaineann le tástáil feithiclí tráchtála. Cuirtear an t-ábhar ar fáil ar mhaithe le cur isteach iarratais áirithinte a éascú. Ní thugann an RSA aon bharántas agus ní bheidh sé freagrach maidir le cruinneas, infhaighteacht, iontaofacht, slándáil, sainoiriúnacht nó feidhmíocht an tSuímh seo nó a bhfuil ann. Ach amháin mar atá leagtha amach go sonrach sna Téarmaí agus Coinníollacha seo, leis seo fágtar amach gach uiríoll, barántas, téarmaí agus coinníollacha, cibé acu sainráite nó intuigthe, a bhaineann leis an Suíomh seo nó leis an bhfaisnéis atá anseo a mhéid a cheadaítear le dlí.

Trí aontú leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo, deimhníonn tú, go bhfuil aon sonraí pearsanta bainteach le tríú páirtí a sholáthraíonn tú don Suíomh seo ann le cead ón tríú páirtí sin (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’aon úinéirí cláraithe feithiclí tríú páirtí i do flít agus maidir le nochtadh faisnéise a bhaineann le feithiclí den sórt sin, lena n-áirítear sonraí pearsanta a bhaineann leis an úinéir cláraithe).

Trí leas a bhaint as an Suíomh seo chun iarratas a chur isteach chuig an RSA, aontaíonn tú:

  • cloí le gach iarratas nó treoir ón RSA agus ó aon údarás inniúil rialtais nó rialála maidir le húsáid an tSuímh seo;
  • gan iarracht a dhéanamh rochtain neamhcheadaithe a fháil nó cur isteach ar an Suíomh seo, ar úsáideoirí eile, ar chórais ríomhaireachta nó ar líonraí nasctha;
  • gan ligint ort féin gur duine nó eintiteas eile thú; agus
  • chun sinn a chur ar an eolas láithreach faoi aon sárú ar shlándáil nó aon éileamh nó imeachtaí dlí i do choinne a bhaineann le húsáid a bhain tú as an Suíomh seo.

Féadfaidh an RSA do rochtain ar an Suíomh seo a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis go hiomlán nó go pointe áirithe gan aon fholáireamh a thabhairt roimh ré ar chúis ar bith lena n-áirítear, gan teorainn, nuair:

  • a theipeann ort cloí le haon dualgas a leagtar amach sna Téarmaí agus Coinníollacha seo, chomh maith le haon dlí ábhartha, ceadúnas, rialachán, treoir, cód cleachtais nó beartas infheidhmithe maidir le húsáid a chomhlíonadh;
  • a theipeann ort faisnéis sa bhreis a thabhairt go pras;
  • a chuireann tú faisnéis ar fáil dúinn atá bréagach, míthreorach nó míchruinn ag am ar bith; nó
  • a chuirimid an Suíomh ar fionraí nó scoraimid de ar chúis éigin.

Chomh fada agus a cheadaítear le dlí, ní bheidh an RSA faoi dhliteanas i leith aon chaillteanas, damáiste nó dliteanas a d’fhéadfadh a bheith ort ag eascairt as nó i dtaca le húsáid an tSuímh seo nó eile, cibé acu faoi theoiricí conartha, tort (lena n-áirítear faillí), dliteanas docht nó eile. I gcás ar bith ní bheidh an RSA faoi dhliteanas i leith caillteanas nó damáiste speisialta, teagmhasach, indíreach nó eacnamaíoch, cibé slí a d’fhéadfadh sé titim amach, lena n-áirítear mar thoradh ar chaillteanas ama, cailliúint coigiltis, cailleadh sonraí, caillteanas gnó, caillteanas ioncaim, caillteanas deiseanna, cailleadh dea-thola nó caillteanas brabúis. Gan dochar do ghinearáltacht na n-abairtí roimhe seo den mhír seo, ní bheidh an RSA faoi dhliteanas duit maidir le moilleanna, míchruinneas, earráidí nó easnamh faisnéise a bhaineann le haon iarratas ar líne, nó maidir le haon ghníomhartha a dhéanfar ag brath air.

Contact

CoVIS Helpdesk
• Tel Lo Call: 1890 927 218 (within Ireland)
• International: +353 91 480 981 (outside Ireland)
• Monday - Friday (excluding Bank Holidays)
• Email: it.support@cvrt.ie

Chat to Chris!