Gearán faoi rún a dhéanamh

Más mian leat gearán faoi rún a dhéanamh maidir le haon saincheisteanna a bhaineann le Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála, Uaireanta Tiománaithe, Tacagraif nó Tarlú Neamhcheadúnaithe is féidir leat gearán a dhéanamh ar aon cheann de na bealaí seo a leanas.

  • Trí ghutháin – Féadfaidh tú labhairt le duine dár mbaill foirne ag 091 872600 nó glaoigh ar an mbeolíne íosghlaonna faoi rún ag 091 872647.​
  • Ar líne - déan gearán ar línetrí shuíomh gréasáin an RSA​​
  • Bheith i láthair go pearsanta – Buail isteach chuig ár n-oifig, Teach Chluain Fearta, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe. Áit ar féidir leat labhairt le duine dár mbaill foirne go huile agus go hiomlán faoi rún
  • I Scríbhinn – Cuir do ghearán sa phost chuig an Rannóg Fhorfheidhme, An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Teach Chluain Fearta, Sráid Bhríde, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.
  • Trí ríomhphost– – Líon isteach  foirm ghearáin (DOC)​​ agus cuir isteach í chuig  enforcement@rsa.ie


Tabhair faoi deara, le do thoil, go mb’fhéidir go n-iarrfar sonraí sonracha ort i ngach cás maidir le:

  • Cineál an ghearáin
  • Uimhreacha cláraithe feithiclí ​
  • Ainm agus seoladh oibreoirí
  • Am agus áit an tsáraithe líomhnaithe
  • Más féidir leat eolas mionsonraithe ar leith a sholáthar beidh sé sin ina chuidiú lena chinntiú gur féidir imscrúdú cuimsitheach a dhéanamh.
  • Iarraimis ort d’ainm agus sonraí teagmhála a sholáthar dúinn, chun go mbeimid ábalta fiosrú a dhéanamh agus tuilleadh faisnéise a iarraidh más gá. Ní nochtfar do shonraí.


Féadfaidh tú a bheith cinnte go ndéileálfar go dáiríre le gach gearán agus go mbeidh siad faoi dhianrún. 

Conas a dhéileáiltear le do ghearán?

Nuair a fhaigheann oifig an RSA gearán déanfar é a logáil agus a shannadh d'Oifigeach Iompair agus/nó do Chigire Feithiclí a dhéanfaidh imscrúdú iomlán ar gach gearán ar bhealach éifeachtach gairmiúil.

D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • Ár mbunachair sonraí a scrúdú lena fháil amach an bhfuil an fheithicil nó an duine lena mbaineann ina oibreoir ceadúnaithe. 
  • Fógra a thabhairt don oibreoir faoin gceanglas dlíthiúil le haghaidh ceadúnais. 
  • Taifid tacagraif a lorg do gach feithicil ar leis an oibreoir é. 
  • Cigireachtaí a dhéanamh ar Áitreabh Oibreora agus/nó Cigireachtaí Cois Bóthair a dhéanamh. 
  • Sonraí an ghearáin a sholáthar don Gharda Síochána 
  • A scrúdú an bhfuil nó nach bhfuil údar le hionchúiseamh agus an fhianaise riachtanach a ullmhú don chúirt


Beidh torthaí sonracha ó imscrúduithe idir an t-oibreoir atá á imscrúdú agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, ní roinnfear na torthaí seo leis an ngearánach.

Foilsítear aon chiontuithe a fhaigheann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, áfach, ar an gcuid ‘ionchúisimh’ ar ​ar shuíomh gréasáin an RSA. ​

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!