Ráiteas Príobháideachais

​Rangaítear an RSA ("sinn", "ár") mar "Rialaitheoir" faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ((AE) 2016/679) ("RGCS") i leith Sonraí Pearsanta áirithe a thugann tú dúinn.

Tá an Fógra Príobháideachais ann chun cabhrú leat a thuiscint cad iad na Sonraí Pearsanta a bhailímid fút, cén fáth a bhailímid iad, agus cad a dhéanaimid leo.

Cad atá i gceist le Sonraí Pearsanta?

Is éard is “Sonraí Pearsanta” ann aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta; is éard is duine nádúrtha inaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne amhail seoltaí IP úsáideora nó d’chúinse amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le féiniúlacht fhisiciúil, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin agus cuimsíonn sé Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta;

Is éard is “Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta” ann aon Sonraí Pearsanta a nochtann bunús ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, bunchlocha creidimh nó tuairimí fealsúnacha, ballraíocht de cheardchumann; sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis agus claonadh gnéasach; sonraí géiniteacha nó sonraí bithmhéadracha.

Sonraí Pearsanta a Bhailítear agus a Phróiseáiltear

Bailímid agus Próiseálfaimid Sonraí Pearsanta bainteach leat i dtaca lenár gcaidreamh leat. Braitheann cineál an eolais a bhailímid fút ar cad a dhéanann tú le linn cuairt a thabhairt ar ár suíomh gréasáin. D’fhéadfaimis faisnéis phearsanta a bhailiú uait nuair a chláraíonn tú le haghaidh cuntas CVRT ar líne, nuair a dhéanann tú féin-dhearbhú, nuair a chuireann tú tástáil fheithicle in áirithe, nuair a lorgaíonn tú athchóip de Dheimhniú Ródacmhainneachta (CRW), nuair a chláraíonn tú le haghaidh meabhrúcháin trí SMS/ríomhphost maidir le cathain gur cheart duit feithicil a thabhairt isteach le haghaidh tástála, nuair a dhéanann tú cuardach maidir le dáta éaga CRW do fheithicil nó nuair a sheolann tú aiseolas tríd an suíomh gréasáin chugainn maidir lenár seirbhísí. Athróidh cineál na Sonraí Pearsanta agus conas a bhailítear iad ag brath ar an tseirbhís a mbaineann tú leas as. I measc na Sonraí Pearsanta a bhailímid fút, ach ní liosta iomlán é seo, tá ainm, seoladh, dáta breithe, inscne, Uimhir Tiománaithe, Uimhir PSP, sonraí teagmhála, uimhir chláraithe feithicle, sonraí íocaíochta agus aon fhaisnéis eile a bhaineann leat a thugann tú dúinn nó a chruthaímid fút i dtaca leis an leas a mbaineann tú as an Suíomh gréasáin.

Ní bhailímid aon fhaisnéis phearsanta ón suíomh gréasáin seo cé is moite den fhaisnéis a sholáthraíonn tú le linn ár gcuid seirbhísí a úsáid. Ní roinntear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú le haon tríú páirtí agus ní úsáidtear é ach chun na críche dár soláthraíodh é.

Sonraí Teicniúla a Bhailítear

Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin, bailímid faisnéis staitistiúil agus faisnéis anailíseach eile ar bhonn comhiomlán na gcuairteoirí go léir a thugann cuairt ar ár suíomh gréasáin. Cuimsíonn na Sonraí Neamhphearsanta seo faisnéis nach féidir a úsáid chun tú a aithint nó teagmháil a dhéanamh leat, mar fhaisnéis dhéimeagrafach maidir le, mar shampla, seoltaí IP úsáideora ar bearraíodh iad nó a ndearnadh anaithnid orthu, cineálacha brabhsálaí agus sonraí staitistiúla gan ainm eile a bhaineann le húsáid ár suíomh gréasáin.

Usáideann an suíomh gréasáin seo fianáin. a úsáideann Google Analytics agus fianáin shealadacha “seisiúin” a chuireann ar chumas brabhsálaí gréasáin cuairteora cuimhneamh ar na leathanaigh ar an suíomh gréasáin seo ar tugadh cuairt orthu cheana. Is comhaid bheaga sonraí iad fianáin a chuireann suíomhanna gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas idirlín d’fhonn cur le feidhmiúlacht. Is féidir fianán a úsáid chun ríomhaire úsáideora nó gléas le hinrochtaineacht gréasáin a chur in aithint don Idirlín, nó do shuíomhanna gréasáin eile a bhaineann le tríú páirtí. Cabhraíonn fianáin chun úsáid agus éifeachtúlacht a fheabhsú, mar shampla trí roghanna an úsáideora a mheabhrú nó tríd an leas a mbaineann an úsáideoir as an Suíomh gréasáin a rianú le haghaidh anailís staitistiúil. Faoi láthair is é Google Analytics a sholáthraíonn an bailiú sonraí agus an tuairisciú taobh thiar den anailís seo. Má leanann tú ort ag baint leasa as an Suíomh Gréasáin is ionann é sin agus a thabhairt le fios go bhfuil tú sásta leas a bhaint as fianán anailíseach Google.

Úsáidimid Hotjar freisin d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais ár n-úsáideoirí agus d’fhonn bailchríoch a chur ar an tseirbhís agus ar an eispéireas seo. Is seirbhís teicneolaíochta é Hotjar a chabhraíonn linn taithí ár n-úsáideoirí a thuiscint níos fearr (m.sh. an méid ama a chaitheann siad ar na leathanaigh, cad iad na naisc ar a ndéanann siad cliceáil orthu, cad a dhéanann úsáideoirí agus cad nach dtaitníonn leo, srl) agus cuireann sé seo ar ár gcumas ár seirbhís a thógáil agus chothabháil a dhéanamh uirthi trí leas a bhaint as aiseolas ó úsáideoirí. Úsáideann Hotjar fianáin agus teicneolaíochtaí eile chun sonraí a bhailiú ar iompar ár n-úsáideoirí agus a gcuid gléasanna (go háirithe seoladh IP an ghléis (gafa agus stóráilte i bhfoirm anaithnid amháin), méid scáileáin an ghléis, cineál gléis (aitheantóirí uathúla gléis), faisnéis brabhsálaí, suíomh geografach (tír amháin), an rogha teanga a úsáidtear chun ár suíomh gréasáin a thaispeáint). Déanann Hotjar an fhaisnéis seo a stóráil i bpróifíl úsáideora faoi ainm bréige. Ní úsáidimid an fhaisnéis seo nó Hotjar ach an oiread chun úsáideoirí aonair a shainaithint nó chun í a chur le chéile le sonraí breise faoi úsáideoir aonair. Le haghaidh a thuilleadh eolais, féach ar pholasaí príobháideachais de chuid Hotjar trí chliceáil ar an nasc seo. Is féidir leat tarraingt siar as próifíl úsáideora a chruthú, chomh maith le cosc a chur ar Hotjar sonraí a stóráil faoi conas a úsáideann tú ár suíomh gréasáin agus cosc a chur ar Hotjar leas a bhaint as fianáin rianaithe ar shuímh ghréasáin eile tríd an nasc seo chun rogha an diúltaithe a chur in iúl a leanúint.

Is féidir le cuairteoirí an suíomh gréasáin a úsáid gan aon chaillteanas feidhmiúlachta má tá fianáin díchumasaithe ón mbrabhsálaí gréasáin. Déanann ár soláthraí seirbhíse Idirlín sonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna ar an suíomh gréasáin seo a logáil chun críocha staitistiúla. Ní bhailítear aon fhaisnéis a d’fhéadfaimis a úsáid chun cuairteoir chuig suíomh gréasáin a shainaithint. Is iad na sonraí teicniúla amháin a logáilítear:

  • ​an seoladh IP d’fhreastalaí gréasáin an chuairteora
  • an t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla .i.e., .com, .org, .net)
  • an seoladh suímh gréasáin ónar tháinig an cuairteoir chugainn roimhe seo, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  • na sonraí conair chliceála a léiríonn an trácht cuairteoirí timpeall an tsuímh gréasáin seo (mar shampla leathanaigh a chuaigh siad chucu agus na doiciméid a íoslódáladh)
  • An cineál brabhsálaí gréasáin a d’úsáid an cuairteoir ar shuíomh gréasáin.

Foinsí na Sonraí Pearsanta

Le linn ár seirbhísí a sholáthar duit is féidir sonraí a bhailiú uait agus ó na foinsí seo a leanas:

  • an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (Comhad Tiománaithe & Feithicle Náisiúnta), (RTOL) An Garda Síochána
  • Tástálaithe CVR agus Oibritheoirí Tástála CVT Údaráis Áitiúla
  • Seirbhís Chuardaigh Chomhlachta CRO
  • Seirbhís Chuardaigh Logeolaire ar Sheoltaí Baile (Seoltaí uathoibríocha)
  • Seirbhís Fhíoraithe CMOD UPSP
  • Bogearraí Bailíochtaithe Cárta Tacagraif Tiománaí Octet
  • DVSA (An Ghníomhaireacht um Chaighdeán Tiománaithe agus Feithiclí)
  • Tairseach Íocaíochta PCI

I ngach gás ní bhaileofar ach an t-íosmhéid de shonraí atá de dhíth le go bhféadfaimis an tseirbhís a sholáthar duit.

Na cúinsí ina gcoimeádaimid do Shonraí Pearsanta ​

Maidir leis na Sonraí Pearsanta luaite thuas, is chun críocha seirbhís a sholáthar dár gcustaiméirí a phróiseáiltear iad agus chun dualgais rialála an RSA a chomhlíonadh i dtaca le gach gné d’oibriú na Seirbhíse Tástála Ródacmhainneachta Tráchtála. 

Ní dhéantar Sonraí Pearsanta a bhailiú, a úsáid, nó a roinnt ach sa chás go gcloíonn sé go docht le dlíthe agus prionsabail um Chosaint Sonraí. I measc na gcatagóirí próiseála tá do thoiliú chun é sin a dhéanamh, próiseáil ar bhonn oibleagáide dlíthiúla, agus d’fhonn comhlíonadh conartha a chur i gcrích. Más gá dúinn ag am ar bith do Shonraí Pearsanta a úsáid chun críche nach ionann é agus an cuspóir bunaidh rachaimid i dteagmháil leat maidir leis an athrú seo.

Is é an bunús dlí atá againn leis an bhfaisnéis seo a bhailiú agus leas a bhaint aisti de réir fhorálacha an Fhógra seo maidir le Príobháideachas Sonraí: caithfear próiseáil a dhéanamh sa chás gur gá é chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Sa chás go dtugann tú cead maidir le húsáid do Shonraí Pearsanta, féadfaidh tú é a tharraingt siar ag am ar bith trí Oifigeach Cosanta Sonraí an RSA a chur ar an eolas, é sin ráite, ní chuirfidh sé seo ó bhailíocht dlíthiúlacht na próiseála a rinneadh ar bhonn an cheada a thug tú sular tharraing tú siar é.

Do Shonraí Pearsanta a Nochtadh do Thríú Páirtithe

Roinnimid do Shonraí Pearsanta le dreamanna éagsúla i dtaobh na gcuspóirí thuasluaite, lena n-áirítear:

  • an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (Comhad Tiománaithe & Feithicle Náisiúnta), (RTOL)
  • An Garda Síochána
  • Tástálaithe CVR agus Oibritheoirí Tástála CVT A.A. Ireland & Bureau Veritas, na soláthraithe a gcuireann seirbhís teicniúla iniúchta ar fáil thar ár gceann.
  • Údaráis Áitiúla
  • Tríú páirtithe a mbímid ag plé leo chun seirbhísí a sholáthar dúinn maidir leis an Suíomh Gréasáin, amhail soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhísí TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí.
  • Tríú páirtithe a mbímid ag plé leo i dtaca le CRWnna agus tástálacha CVR a chur in áit na gceann a bhí ann cheana."

Tá socruithe conarthacha déanta ag an RSA le gach ceann dá chonraitheoirí tríú páirtí a chinntíonn nach féidir aon sonraí pearsanta a aistríonn an RSA chuige a úsáid ach amháin chun na gcríoch atá sonraithe maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil. 

Nochtfaimid do Shonraí Pearsanta má chreidimid de mheon macánta go bhfuil ceangal orainn rochtain a chur ar fáil, iad a úsáid, a chaomhnú nó a nochtadh ar mhaithe le haon dlí nó rialachán infheidhme, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó ordú rialaitheach a chomhlíonadh, nó ceanglas reachtúil eile.

Aistrithe de do Shonraí Pearsanta lasmuigh den Aontas Eorpach

A mhéid is indéanta déanann an RSA a dhícheall gach sonra pearsanta a choimeád laistigh den LEE. Déanfaimid ár ndícheall gan do Shonraí Pearsanta a aistriú lasmuigh den LEE, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach go bhforáiltear cosaint ar Shonraí Pearsanta ar an leibhéal céanna ann agus a fhoráiltear san Aontas Eorpach.

Más rud é agus a mhéid a dhéanaimid amhlaidh, cinnteoimid go bhfuil bearta cuí i bhfeidhm chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin dlí infheidhme a rialaíonn aistrithe den sórt sin, lena n-áirítear comhaontú próiseála sonraí a dhéanamh maidir leis an aistriú ina bhfuil na ‘gnáth-chlásail chonarthacha’ arna bhformheas ag an gCoimisiún Eorpach, nó i ndáil le haistrithe chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, lena gcinntítear go bhfuil an t-aistriú clúdaithe faoin gcreat AE-SAM Shield (nó aon chreat a chuirfear ina áit).  Tá a thuilleadh sonraí maidir leis na bearta atá déanta againn ina thaobh seo ar fáil ach iad a iarraidh ón Oifigeach Cosanta Sonraí. 

Conas a chinntímid go mbeidh do Shonraí Pearsanta slán sábháilte

Nuair a dhéanaimid óstáil ar sheirbhís coinnítear do Shonraí Pearsanta ar fhreastalaithe slána laistigh den LEE. I gcásanna nach bhfuil seirbhís á óstáil againne, tá gealltanais tugtha ag an soláthraí seirbhíse maidir le slándáil a dtimpeallachta óstála.

Nuair a dhéanann tú cumarsáid linn tríd ár suíomh gréasáin, mar is dual don Idirlín ní féidir linn dearbhú a thabhairt nó a dul i mbannaí faoi shlándáil aon fhaisnéise a sheolann tú chugainn tríd an Idirlíon. Ní féidir a chinntiú go mbeidh aon sheoladh sonraí thar an Idirlíon 100% slán. Mar sin féin, déanfaimid gach beart réasúnach (lena n-áirítear bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí) chun do Shonraí Pearsanta a chosaint.

Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe agus faoi réir srianta áirithe, i dtaca le do Shonraí Pearsanta:

  • ​An ceart a bheith agat teacht ar do Shonraí Pearsanta féin; An ceart iarraidh go ndéanfaí do Shonraí Pearsanta a cheartú agus/nó a scriosadh;
  • An ceart srian a chur le húsáid do Shonraí Pearsanta
  • An ceart cur in aghaidh phróiseáil do Shonraí Pearsanta
  • An ceart go ndéanfaí dearmad ort i gcúinsí áirithe; agus
  • An ceart chun do Shonraí Pearsanta, ar thug tú dúinn, a fháil i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín nó iallach a chur orainn na sonraí sin a chur ar aghaidh chuig rialtóir eile"

Conas is féidir leat do chearta a fheidhmiú

Chun aon cheann de na cearta curtha luaite thuas a chur i bhfeidhm, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Cé chomh fada a choimeádfaimid do Shonraí Pearsanta

Ní choinneoimid do Shonraí Pearsanta níos faide ná mar is gá. Coinneoimid do Shonraí Pearsanta chomh fada agus a bhíonn gá againn leo chun na gcríoch a gcuirtear síos orthu san Fhógra Príobháideachais seo (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do chuid 6 (Do Shonraí Pearsanta a Nochtadh do thríú páirtithe)), nó chun aon dlí nó rialachán is infheidhme a chomhlíonadh, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó rialúcháin, nó ceanglas reachtúil eile. 

Athruithe ar an bhFógra Príobháideachais seo agus ar ár mBeartais

Coimeádaimid an ceart chun athruithe a dhéanamh ar an bhFógra Príobháideachais seo am ar bith gan dul i gcomhairle roimh ré. Cuirfear aon athruithe ar an bhFógra Príobháideachais seo ar ár suíomh gréasáin le go mbeidh tú ar an eolas i gcónaí faoin bhfaisnéis a bhailímid, conas a úsáidimid í, agus faoi na cúinsí, más ann dóibh, ina nochtaimid í. Má chinnimid ag am ar bith Sonraí Pearsanta a úsáid i gcaoi a bhfuil difear suntasach ann ón gcaoi a luaitear san Fhógra Príobháideachais seo, nó i gcaoi eile nár cuireadh in iúl duit ag am a bhailithe, cuirfimid é sin in iúl duit trí ríomhphost, agus beidh rogha agat maidir le cé acu an úsáidimid nó nach n-úsáidimid do Shonraí Pearsanta ar an modh nua.

Ceisteanna agus Gearáin

Má tá aon cheist agat maidir leis an bhFógra Príobháideachais seo, is féidir dul i dteagmháil linn trí leas a bhaint as an eolas thíos: 

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann (nó le haon eagraíocht ionaid). 

Chat to Chris!