Mótarcharbhán

​Má tá mótarcharbhán agat, caithfear dul faoi thástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála chun do CRW a athnuachan.

  • Tá tástáil LCV (feithicil éadrom thráchtála) riachtanach d’aon mhótarcharbhán a bhfuil meáchan 3,500 kg nó níos lú acu.
  • Agus tá tástáil HCV (feithicil throm thráchtála) riachtanach d’aon mhótarcharbhán a bhfuil meáchan níos mó ná 3,500 kg acu.

Fiú mura n-úsáideann tú do mhótarcharbhán ar bhonn tráchtála, fiú má ghearrtar cáin air go príobháideach, tá tástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála fós de dhíth ar do mhótarcharbhán, ní tástáil NCT.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas nó Cárta Seirbhísí Poiblí bailí ag an ionad tástála.



​Nuair atá do mhótarcharbhán le dul faoi thástáil

Ag brath ar cé chomh seans is atá do mhótarcharbhán, seo é an t-am go mb’éigean duit é a chur faoi thástáil, cibé acu is tástáil HCV nó tástáil LCV é:

​Aois an mhótarcharbháin ​​Cé chomh minic is a chaithfear é a chur faoi thástáil
​0-3 bliana ​Ní gá aon thástáil a dhéanamh
​​4-9 bliana ​Gach 2 bhliain
​Níos mó ná 10 mbliana Go bliantúil

Conas do thástáil a chur in áirithe

140 ionad CVRT ann á dhéanann tástálacha LCV agus 98 ionad CVRT a dhéanann HCVannaa thástáil in Éirinn. Ach is féidir do LCVdo HCV a chur in áirithe nó a bhainistiú ar líne. Seo mar a dhéantar é:

  1. Ar dtús, cláraigh le My CVRT, ar ár gcóras ar líne - níl uait ach do chláruimhir fheithicle agus an chéad dáta clárúcháin.
  2. Ansin cuir sonraí d’fheithicle isteach Is féidir a oiread d’fheithiclí agus is mian leat a chur isteach.
  3. Ansin déan do thástáil a sceidealú.
  4. Íoc as an tástáil, íocaíocht a rachaidh caol díreach chuig an ionad tástála (níl sé seo éigeantach agus is féidir íoc as ag an ionad tástála dá mb’fhearr leat)
  5. Tá gach rud go hiomlán faoi réir agat ansin, agus deimhneoimid do chuid sonraí.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Glacaimid le cártaí Visa agus Mastercard. Tabhair faoi deara le do thoil nach nglacaimid le cártaí American Express nó Diners Club

Visa Mastercard_small.jpg

Cuir do Thástáil in áirithe anois

Má éiríonn le d’fheithicil sa tástáil, tabharfaidh an t-ionad tuairisc pas duit. Gheobhaidh tú do Dheimhniú Ródacmhainneachta sa phost ansin.  Rachaidh an CRW chuig úinéir cláraithe na feithicle. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT.  Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála - mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moilleanna a bheith i gceist ó thaobh an CRW a eisiúint.

Cuir do Thástáil in áirithe anois
​​Cineál Feithicle ​​Táille Gan CBL a Áireamh
​Mótarcharbháin le dhá acastóir ​​Táille Thástála Iomlán €76.86 Táillí Atástála €35.43
​​Mótarcharbháin le trí acastóir nó níos mó ​​Táille Thástála Iomlán €94.58 Táillí atástála   €44.29
Cuir do Thástáil in áirithe anois

​Ó 20 Bealtaine 2018 seans go bhfaighidh tú tuairisc tástála ó d’ionad tástála CVR a thaispeánfaidh gurb é toradh na tástála ná ‘Pas ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh’.

Ciallaíonn sé seo nach bhfuair an tIonad Tástála CVR ach lochtanna beaga le linn dóibh d’fheithicil a chur faoi thástáil. Is é sin, nár aimsíodh aon locht mór nó contúirteach. Sa chás gur mioneasnaimh (lochtanna) amháin a aimsíodh ní gá d’fheithicil a chur faoi thástáil arís. Mar sin féin, caithfidh tú filleadh ar an ionad tástála CVR ina ndearnadh an bhuntástáil le cruthú go bhfuil na lochtanna beaga deisithe agat. Níl aon teorainn ama ann ó thaobh d’fheithicil a thabhairt ar ais le haghaidh an athsheiceáil seo.

Nós imeacht agus costas

Sna cásanna seo, is mar seo a leanas atá an nós imeachta:

  • Maidir le do thuairisc bhunaidh tástála agus an toradh ‘Pas tar éis athsheiceáil ar mhioneasnaimh a dhéanamh’, beidh na mioneasnaimh a aimsíodh ar d’fheithicil liostáilte go soiléir uirthi.
  • Ní sheolaimid an CRW chugat – cuirfimid ar athlá é.
  • Caithfidh tú na mioneasnaimh a chur i gceart.
  • Caithfidh tú filleadh le d’fheithicil chuig an ionad tástála ina ndearnadh an bhuntástáil CVR le gur féidir d’fheithicil a athsheiceáil agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil na mioneasnaimh réitithe.
  • Nuair a dheimhníonn an tástálaí CVR go bhfuil na mioneasnaimh curtha ina gceart, tabharfaimid ráiteas pas duit agus seolfaimid an CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle faoi láthair.

Toisc nach atástáil í seo, níl aon srian ama nó míleáiste ann maidir le cathain is gá duit d’fheithicil a thabhairt ar ais chuig an ionad tástála.

Cuir do Thástáil in áirithe anois

Má theipeann ar d’fheithicil, beidh ort dul faoi thástáil arís. Caithfidh tú an atástáil a chur in áirithe leis an Ionad Tástála ina ndearnadh an chéad thástáil.

Costas & nós imeachta na hatástála

Má fhilleann tú don atástáil laistigh de 21 lá agus tá níos lú ná 4,000 ciliméadar ag d’fheithicil ó rinneadh tástáil uirthi an uair dheireanach:

  • ní gá don fheithicil an tástáil iomlán a dhéanamh arís; in áit sin, is ar na pointí teipe amháin ón gcéad tástáil a dhéantar tástáil uirthi an uair seo.
  • cosnaíonn sé 50% den tástáil iomlán, ach amháin má bhaineann sé úsáid as lána tástála. Mura bhfuil i gceist ach amharc-atástáil, tá sé saor in aisce.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Book your test now

Próiseas na Tástála

Tugann custaiméirí an fheithicil isteach chuig an ionad tástála CVRT a roghnaigh siad. Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas bailí. Mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moill a bheith ann maidir le Deimhniú Ródacmhainneachta a eisiúint.

Maireann tástálacha idir 45 agus 120 nóiméad ag brath ar cén sórt feithicle atá á cur faoi thástáil agus líon na n-acastóirí atá aici. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT.

I ndiaidh na tástála, eisíonn an t-ionad tuairisc pas nó teipe. Má éiríonn leis an bhfeithicil, cuirtear Deimhniú Ródacmhainneachta go huathoibríoch sa phost chuig úinéir cláraithe na feithicle. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

Má theipeann ar fheithicil agus má fhilleann sí le haghaidh tástála laistigh de 21 lá agus má tá níos lú ná 4,000km taistealta aici ó cuireadh faoi thástáil an uair dheireanach í, ní gá don fheithicil sin an tástáil iomlán a dhéanamh arís. Ina ionad sin, ní dhéantar é a thástáil ach amháin ar na pointí teipe ón gcéad tástáil.

Ba cheart an Deimhniú Ródacmhainneachta a chur ar taispeáint ar an bhfeithicil. Má tá feithicil os cionn bliana d’aois, ní féidir cáin a ghearradh uirthi gan CRW bailí a bheith aici.

Ag Ullmhú le haghaidh do Thástáil CVR

Le bheith ullmhú do do thástáil bí cinnte na rudaí seo a dhéanamh:

  1.  Déan seiceáil ar inneall d’fheithicle le cinntiú go bhfuil sé líonta suas le hola agus uisce chomh maith le neart uisce sa niteoir gaothscátha.
  2. Déan cinnte go bhfuil na suíocháin agus an limistéar lasta saor ó nithe pearsanta amhail feisteáin uirlisí agus gur féidir teacht go héasca ar an limistéar lasta d’fhonn codanna áirithe den tástáil a dhéanamh.
  3. Tá an fheithicil cuíosach glan (go háirithe faoin gcabhail).
  4. Féach chuige go bhfuil na caipíní mol bainte de na rothaí (go háirithe mura féidir na cnónna rotha a sheiceáil in aon slí eile) agus teanntar na boinn go dtí an brú ceart.
  5. Tá an t-inneall i staid oiriúnach le tástáil a dhéanamh air e.g. tá crios/slabhra comhuainiúcháin curtha isteach de réir threoir do dhéantóra. Seans go n-iarrfar ort séanadh a shíniú ag an ionad tástála a roghnaigh tú.
  6. Déan na criosanna/búclaí sábhála a sheiceáil le cinntiú gur féidir iad a fheiceáil agus go bhfuil siad ag obair i gceart. I gcás busanna agus feithiclí paisinéirí eile ba cheart seiceáil a dhéanamh ar chriosanna agus ar bhúclaí le haghaidh gach suíochán paisinéara.
  7. Tá do phlátaí clárúcháin glan agus cloíonn siad le rialacháin reatha.
  8. Déan cinnte go bhfuil aitheantas i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas ag an duine a thugann an fheithicil isteach lena hiniúchadh mar, sa chás go n-éireoidh leis an bhfeithicil sa tástáil, ní eiseofar ráiteas pas agus CRW don fheithicil gan an t-aitheantas riachtanach a thaispeáint.
  9. Cinntigh go bhfuil léamh “normal” ar tháscaire teochta d’fheithicle sula sroicheann tú an ionad tástála le haghaidh iniúchta.

Nithe Eile:

  • Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcáipéisí páipéir atá de dhíth le tamall anuas, ná déan dearmad go bhfuil seans fós ann go mbeidh ort cáipéisíocht a thabhairt leat i gcásanna áirithe, amhail tuarascálacha modhnuithe má athraíodh d’fheithicil nó Foirmeacha Dearbhaithe Crios Sábhála (de réir mar is gá le haghaidh feithiclí do phaisinéirí) Nod mór don Eolach!: An bhfuil a fhios agat gur féidir leaganacha scanta de cháipéisí a uaslódáil anois trí do chuntas ar líne ag cvrt.ie
  • Ba chóir duit a chinntiú go mbainfidh tú aon earraí luachmhara/pearsanta as an bhfeithicil roimh an tástáil CVR
  • Ba chóir duit a chinntiú go dtabharfaidh tú do tháille tástála leat (Féach liosta iomlán na dtáillí tástála ) mar beidh ort íoc roimh do thástáil.
  • Chun a chinntiú nach gcaillfidh tú do choinne, molaimid go bhféachfaidh tú chuige go mbainfidh tú an t-ionad tástála CVR atá roghnaithe agat amach le ‘seiceáil isteach’ a dhéanamh 10 nóiméad roimh an am atá sannta duit.

Mura dtugtar aird ar na nithe thuas, is mó seans go dteipfidh ar d’fheithicil sa tástáil, nó go deimhin, nach mbeidh d’ionad tástála CVR in ann d’fheithicil a thástáil agus go mbeidh ort filleadh lá éigin eile dá bharr.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Cuir do Thástáil in áirithe anois

Chat to Chris!