Ceanglais um Cheadúnú Oibreora

Déanann an Roinn Iompair​ ceadúnais oibreora a eisiúint agus a choinneáil.

Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair

Teastaíonn Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair uait má tá tú ag iompar earraí ar fruiliú nó ar luach saothair i bhfeithicil nó i gcomhcheangal feithiclí lena mbaineann uasmheáchan údaraithe de os cionn 3.5 tona (méadrach).

Tagann tarlú “Ar Fruiliú nó ar Luach Saothair” chun cinn nuair a íoctar thú as earraí duine eile a iompar. Mura ndéanann tú ach obair féinchuntais, i.e. do chuid earraí féin a iompar i d’fheithiclí féin arna dtiomáint agat féin nó ag d’fhostaithe, nó ag seachadadh earraí chuig custaiméir a cheannaigh na hearraí sin uait, ní gá duit Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair a bheith agat.

Ceadúnas Oibreora um Iompar Paisinéirí de Bhóthar

Teastaíonn Ceadúnas Oibreora um Iompar Paisinéirí de Bhóthar uait má tá tú ag iompar paisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar luach saothair i bhfeithiclí a tógadh agus a feistíodh chun go mbeidh siad oiriúnach chun naonúr paisinéirí nó níos mó a iompar.

Tagann “Ar Fruiliú nó ar Luach Saothair” chun cinn nuair a íoctar thú as paisinéirí a iompar. Murar é paisinéirí a iompardo phríomhghnó, agus mura bhfuil tú ag gearradh táille ar do phaisinéirí, ní chaithfidh tú ceadúnas a bheith agat.

Mar shampla, ní bheadh Ceadúnas de dhíth ar óstán a bhfuil bus aige a úsáideann sé lena aíonna a iompar, mar sheirbhís chomhlántach, chuig aerfort agus ó aerfort nó chuig nithe is díol spéise do thurasóirí agus uathu.

Gearán/Tuairisc faoi Rún a Dhéanamh

Má tá buarthaí ar bith agat go bhféadfadh oibreoir nó tiománaí a bheith ag gníomhú go mídhleathach maidir le Ródacmhainneacht Feithicle, Uaireanta Tiománaithe, Tacagraif agus/nó Tarlú Neamhcheadúnaithe is féidir leat gearán faoi rún a chur isteach chuig an RSA. Faigh amach conas do ghearán a chur isteach ar ár leathanach gearán. ​

Ionchúisimh an RSA

Tá an RSA freagrach as reachtaíocht iompair AE agus náisiúnta a fhorfheidhmiú maidir le ceadúnú oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí paisinéirí chun dul i mbun oibríochtaí ar fruiliú agus luach saothair. I gcúinsí ina gciontaítear duine nó oibreoir i gCion a bhaineann le hIompar de Dhóthar, foilsítear sonraí an chiontaithe (lena n-áirítear ainm agus an pionós arna fhorchur) ar chuid na n-ionchúiseamh ar shuíomh gréasáin an RSA​.​​. 

Tuilleadh Eolais

Má bhíonn ceisteanna ar bith agat maidir le hiarratas a dhéanamh ar 

  • Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair
  • Ceadúnas Oibreora um Iompar Paisinéirí de Bhóthar

Déan teagmháil le:

Road Transport Operator Licensing Unit
Department of Transport, Tourism & Sport 
Bride Street, Loughrea, Co. Galway. H62 ET93

Telephone Lo-call: 1890 44 33 11

Email: rtol@transport.ie
Website: www.rtol.ie 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!